Labhair Róisín Ní Loinsigh, dearthóir óg faisin as Corca Dhuibhne faoina haistear go dtí seo sa cheird agus an bailiúchán speisialta spreagtha ag cultúr an Dreoilín ina ceantar féin le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Múinteoir montessori ab ea Róisín sular thóg sí bliain ón bpost sin le haghaidh a thabhairt ar chúrsa ealaíne i Luimneach.

Deir Róisín go raibh spéis aici sa saol cruthaitheach agus thapaigh sí an deis níos mó a fhoghlaim faoin gceird 'Dheineas cinneadh bliain a thógaint amach agus rud éigin difriúil a dhéanamh'.

Thaitin saol an deartha chomh mór sin le Róisín gur lean sí léi agus d'éirigh léi obair a fháil le dearthóir mór le rá, Anna Sui in Nua Eabhrac, áit a raibh sí ar feadh ceithre mhí.

Agus í sa cheathrú bliain den chúrsa faisin i Luimneach, d'éirigh le Róisín an comórtas is mó dá bhfuil ann London Graduate Fashion Week a bhaint agus cuireadh a bailiúchán ar an dreoilín 'Ón Áit' ar taispeáint in Londain. Deir sí nach raibh 'aon tsúil' aici leis an toradh sin.

baineadh ana-gheit asam nuair a dúradar gur mise a bheadh ag dul...

Bunaíodh an bailiúchán seo 'Ón Áit' ar an Dreoilín agus an tionchar a bhí ag an gcultúr seo ar Róisín ina hóige, 6 'outfit' san iomlán atá ann le neart ábhair éagsúla, olann Éireannach ina measc, rud a chur le 'doimhneas' an bhailiúcháin, dár léi. 

Bhí Róisin ag smaoineamh ar an gcleachtadh, ar an gcairdeas agus an grá a bhaineann leis an teacht le chéile le ceiliúradh an Dreoilín.

Chuir Róisín béim ar thábhacht an traidisiúin, ar 'daoine ag brath ar dhaoine eile' agus ar nósmhaireacht na ndaoine ina háit dúchais.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00.