Labhair tuismitheoirí Éabha agus Ailbhe, cúpla a tháinig ar an saol ag 25 seachtain faoina saol go dtí seo agus faoi fhoireann iontach leighis in ospidéal an Choombe le hÁine Ní Bhreisleáin ar Barrscéalta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Deir Mari Claire, máthair an chúpla go raibh siad 'iontach sásta' nuair a fuair siad amach go raibh cúpla chun a bheith acu agus nach raibh siad ag súil go dtiocfaidís luath in aon chor go dtí go raibh siad san ospidéal in Leitir Ceanainn agus gur inis foireann an ospidéil go raibh siad ar an mbealach. 

Ní raibh ospidéal Leitir Ceanainn in ann aire a thabhairt do linbh a bhí chomh luath le 15 seachtain luath agus mar sin, cuireadh glaoch ar ospidéal an Choombe leis na linbh a thabhairt go Baile Átha Cliath. Punt amháin agus dhá unsa agus punt amháin agus 9 unsa a bhí siad nuair a rugadh iad, rud a chiallaigh go raibh siad i mbaol go dtí gur chuireadar meachán suas.

Áine Ní Bhreisleain, láithreoir Bharrscéalta

Bhí Mari Claire fós san ospidéal i dTír Chonaill agus a beirt iníonacha i mBaile Átha Cliath go dtí gur tugadh aníos go Baile Átha Cliath mar go raibh buairt orthu faoi shláinte an chúpla.

Tá Mari Claire agus Hugh fíorbhuíoch d'fhoireann ospidéal an Choombe a thacaigh leo agus a choinnigh an bheirt slán fad agus a bhí siad ann, mar go raibh Ailbhe ann ar feadh cúig mhí go leith. 

Craoltar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 11.02 agus meánlae ón Luan go hAoine