skip to main content

Ceolta Uladh: Rogha ceoil Mhairéad Uí Mhaonaigh

Sa tsraith úr de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, labhrann Rónán Mac Aodha Bhuí le ceoltóirí agus amhránaithe de bhunadh Thír Chonaill faoin gceol is mó a thaitníonn leo. 

Sa chlár seo, piocann amhránaí de chuid Altan, Máiréad Ní Mhaonaigh na hamhráin a sheasann amach óna hóige i nGaoth Dobhair agus í ag foghlaim a ceirde mar amhránaí.

Craoltar Ceolta Uladh ag 4.10 pm gach Máirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.