Labhair Rónán Mac Aodha Bhuí le beirt a bhfuil úsáid á mbaint acu sa madraí treoracha; Colm Mac Con Iomaire dá mhac, Darach agus Jimmy Ó Dubhchoin as oileán Thoraí.
Chaill Jimmy radharc na súl sna 90í agus deir sé go mbeadh sé caillte gan a mhadra treorach a chabhraíonn leis agus é ag siúl. Tá Jimmy ina chónaí cóngarach don ché ar oileán Thóraí agus coinníonn an madra sábháilte é. Tá muinín ag Jimmy sa mhadra
"caithfidh tú ligean don mhadra a bhealach féin a dhéanamh" a deir sé.
Maidir le cúrsaí traenála, deir sé go raibh traenáil trí seachtaine i gCorcaigh le déanamh aige cé nach bhfuil mórán feidhm aige don traenáil a rinneadh mar go bhfuil sé istigh ar an oileán, áit nach fadhb í an trácht dó.

Tá fragile x syndrome ar mhac Choilm, Darach, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ar speictream uathachais agus go bhfuil sé mothálach ach go háirithe le social anxiety. 'Tá seisean ceangailte leis an madra agus tá handle agus tá sé i bhfeighil an mhadra- is rud cineál draíochtach é, cinnte.'
Deir Colm gur tobar suaimhnis é an madra, Cassie agus anois go bhfuil Darach in ann 'bláthú'.
Craoltar Rónán Beo Déardaoin agus Dé hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 3 agus 5