skip to main content

Malairt Poirt le Muireann: Clár deiridh an tséasúir lán le seoid

Beidh clár Malairt Poirt na seachtaine seo mar an ceann deireanach go dtí tar éis an tsamhraidh. Mile buíochas libh ar fad as éisteacht, bhaineas ana thaithneamh go deo as an gceol a phiocadh amach is a chur le chéile daoibh.

Beidh ceol againn an tsatharn seo chughainn againn ó Le Vent du Nord ó Quebec, nó An Ghaoth Aduaidh as Gaelainn, atá seinnte cheana agam daoibh agus tá albam nua eisithe acu darbh ainm Terrtoires. Tá fuinneamh iontach ag an cleas seo, agus cumhacht in gcuid ceoil, cuma muna dtuigeann tú na focail. Seo blaiseadh dóibh – an t-amhrán Adieu le Village:

Beidh amhrán samhraidh againn ó mhná Chorca Dhuibhne, an grúpa Lumiere, atá déanta suas des na hamhránaithe Pauline Scanlon agus Éilis Kennedy. Tá an bheirt seo tar éis seimint ar fuaid an domhain agus ana thóir ar an gceol is armóin binn atá acu, sheinneadar fiú i Carnagie Hall cúpla blian ó shoin. Seo rian uatha ón gcéad albam acu:

Seo an grúpa Liadan a thosnaigh faid is a bhíodar ar fad ag staidéar in Ollscoil Luimní is abheidh á sheimint ar an gclár agam. Bhí seans liom iad ar fad a chlos le chéíle le déanaí nuair a phós duine dá amhránaithe Síle Denvir an ceoltóir Barry Kerr. A leithéid de cheol a bhí ag an mbainis sin, is trua nach raibh sé á thaifead agam, dheineadh sé clár maith!

Sin a bhfuil uaimse ar feadh tamaillín, go raibh maith agaibh as bhur gcomhluadar agus bíodh ana-Shamhradh agaibh.

Malairt Poirt le Muireann, Dé Sathairn, 7-9pm, Raidió na Gaeltachta