Labhair Morgan Móinbhíol le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin am a chaith sé breis is bliain i Siria ag tacú leis na Coirdínigh ina dtroid i gcoinne Isis.

Is as an Seanphobal sa Rinn do Morgan, agus mhínigh sé do Helen Ní Shé gur thug sé aghaidh ar an Mheánoirthear i mí na Bealtaine 2017.

"Bhí mé dáiríre faoi tar éis mhí Eanáir, agus stop mé ag ól, agus bhí mé ag dul isteach ag dornálaíocht, bhí fonn orm a bheith aclaí.  Chuaigh mé anonn i mí Bealtaine. Téann tú thall go dtí an Iaráic, cathair Sulaymaniyah...  Bhí mé san óstán an chéad oíche agus an lá dar gcionn ansin chuaigh mé isteach sa teach tearmainn."

Níor inis Morgan dá mhuintir cá raibh a thriall.

"Nuair a bhí mé ag imeacht, dúirt mé leo go raibh mé ag dul go dtí an Ghearmáin.  Ansin, nuair a bhí mé i Siria, dúirt mé go raibh mé sa Ghréig ag tabhairt aire do na teifigh.  Ní raibh uaim go mbeadh faitíos orthu."

Tar éis coicís a chaitheamh i Sulaymaniyah, tugadh trasna na teorainn isteach go dtí an tSiria iad, áit ar thosaigh an traenáil mhíleata.

"Na hairm go léir, bhí siad ón Rúis.  Bhí mo Kalashnikov ó 1970, bhí sé beagnach 50 bliain d’aois, ach bhí sé ag obair go hiontach ar fad."

"Caithfidh tú an Kalashnikov a úsáid agus tú ag troid.  Níl aon mheas ag ISIS ar éinne.  Ní fhaigheann tú aon seans leo siúd muna dtógann tú an seans tú féin ... an chéad troid gharbh a bhí agam, ba bheag nach bhfuair leaid amháin bás.  Bhí an t-ádh leis, fuair sé piléar tríd a bholg agus amach tríd an taobh eile."

Mhínigh Morgan do Helen go raibh fonn air ariamh a bheith san airm, ach nach raibh mórán cleachtaidh aige ar ghunnaí a úsáid roimhe sin. 

"Just na shotguns do na préacháin anseo ...  ag tabhairt geit do na préacháin..."

Dúirt sé le Helen gur chaith sé roinnt ama sa díseart in aice le cathair Raqqa, agus ansin i gcathair Manbij.  Ina dhiaidh sin, rinne sé traenáil mar pharaimhíochaineoir, mar gur bhraith sé go bhféadfadh sé sin a bheith cabhrach.

"Rinne mise an first aid nuair a bhí mise ag obair i monarcha, bhí ana chuid béime acu ar shábháilteacht.  Rinneamar ana chuid cúrsaí sa Seanphobal de bharr Údarás (na Gaeltachta).""Bhíomar ar na línte tosaigh sa chathair – bhí casualty points againn a bhí ag dul ar ais go dtí an ospidéal.  Só bhí leaids ag cur fola, agus má chuireann tú stop leis an fhuil tá seans maith agat.  Nó má fhaigheann siad piléar sna scamhóga, tá píosa plaisteach speisialta... má dhéanann tú an dá rud sin, ní chaithfidh tú a bheith i do pharaimhíochaineoir proifisiúnta."

Ansin, bhog complacht Mhorgan ó thuaidh go ceantar tuaithe Afrin, a bhí faoi ionsaí ag fórsaí ón Tuirc. Chonaic sé radharc scanrúil ansin, nuair a rinneadh ionsaí ar charr le teaghlach ann a bhí ag teitheadh ón gceantar.

"Bhí clann ag dul síos an bóthar, bhí an carr ana shean.  Rinne eitleán éigin airstrike ar an gcarr.  Bhí na páistí go léir gortaithe ... ní bhfuair siad bás.  Bhíodar ag gol.  Níl sé go deas é sin a fheiscint.""Chaill mé cairde thall ansin ach ní féidir leat a bheith caoineadh, caithfidh tú just leanacht ar aghaidh."

Dúirt Morgan le Helen gur bhraith sé go raibh spiorad pobail i bhfad níos láidre i measc na Coirdínigh ná mar atá sa bhaile

"Lucht tuaithe, feirmeoirí, iad, agus tógann siad go bogé.Níl siad bocht, tá tithe maithe acu.Níl an pobal chomh láidir anseo.Tá an saol faoin tuath in Éirinn anois i bhfad níos laige ná mar a bhí."

Tháinig Morgan abhaile i Samhradh 2018. 

Rinne Morgan an tArd Dioplóma le Nemeton, agus beidh scannán faoina chuid taithí sa tSiria le feiceáil san SGC i nDún Garbhán Dé Céadaoin 15 Bealtaine. 

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08-1.00 ón Luan go hAoine.