Tá'n t-údar agus an craoltóir Liam Mac Con Iomaire tar éis bháis. Scoláire léannta, fear íseal uasal. 'Sár dhuine' a bhí ann a dúirt Cathal Mac Coille ar An Saol ó Dheas.

D'admhaigh Cathal go raibh sé 'trína chéile' faoin drochnuacht go raibh Liam Mac Con Iomaire ar shlí na fírinne. An cineál duine ab ea Liam 'go mbeifeá sona sásta an lá ar fad a chaitheamh'. Thrácht Cathal ar 'a phearsantacht álainn' chomh maith leis na buanna craoltóireachta agus acadúla a bhí ag an bhfear.

Dúirt Cathal go raibh sé an-tógtha le leabhair Mhic Con Iomaire chomh maith leis na cláir a raibh baint aige leo agus iad ag obair le chéile in RTÉ. 

In aon fhocal amháin a chuirfear síos ar Liam Mac Con Iomaire a deir Mac Coille, 'sárdhuine'.

Cuirfear Liam Mac Con Iomaire i gcré na cille inniu i mBaile Átha Cliath.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08-1.00 Luan go hAoine.