Ar Malairt Poirt le Muireann na seachtaine seo bhí Muireann ag caint leis an gcumadóir agus ceoltóir as Chorcaigh Ger Wolfe a bhí sa Daingean mar chuid d’Fhéile na Bealtaine. 

Seo amhrán clúiteach Ger, The Curra Road, á chanadh beo aige cúpla bliain ó shin:

Anuas ar sin bhí ceol ó Iarthar na hAifrice, amhráin agus ceol ar uirlis ar a dtugtar an Kora. Beidh an dís seo á sheimint agam Amadou & Mariam, is lánúin phósta iad seo agus mar chomhtharlú níl radharc na súl ag ceachtar acu. Tá ainm in airde acu ar fuaid an domhain agus iad ainmnithe do Grammy’s agus tar éis seimint le Stevie Wonder agus U2. Seo amhrán leo Je Pense a Toi.

Bhí ceol Éireannach again chomh maith gan dabht agus beidh an píosa seo á sheimint agam ón bpíobaire John McSherry a sheinn le Lúnasa, The Olllam agus Ulaid. Seo rian óna albam aonarach "The Seven Suns" a tháínig amach i 2017 – rian tráthúil don deireadh seachtaine atá linn. Seo Sunrise at Bealtaine.

É sin agus morán eile ar Malairt Poirt le Muireann – oíche Shathairn 7-9pm ar Raidió na Gaeltachta.