Labhair Dara Ó Cinnéide, láithreoir na sraithe nua, GAA Eile le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina bhfuil ag athrú sa Chumann Lúthchleas Gael agus cá bhfuil sé ag imeacht, mar eagraíocht.

Deir Ó Cinnéide gur 'saghas pictiúr' í an tsraith seo ar an gCumann Lúthchleas Gael faoi mar atá sí anois mar eagraíocht agus go léiríonn an tsraith gur scathán é an eagraíocht seo ar shaol na hÉireann a léiríonn na dúshláin a bhaineann leis an ngluaiseacht ó shaol na tuaithe go saol na cathrach.

Labhair sé faoi na hathruithe atá ag tarlú sa saol agus fé mar atá an CLG ag dul i ngleic leis na hathruithe sin agus an tionchar a bhíonn ag na hathruithe seo ar mheon na ndaoine a bhfuil baint acu leis an gcluiche. Caithfear iniúchadh a dhéanamh ar an treo a bhfuil an eagraíocht ag dul, a deir sé.

Féach ar an gcéad chlár sa tsraith anseo ar an RTÉ Player.

Craoltar GAA Eile Dé Luain ag 8.30 ar RTÉ One.