skip to main content

Malairt Poirt le Muireann: Polcaphonc agus Colm Mac Con Iomaire

Ar Malairt Poirt na seachtaine beidh rianta á sheimint agam ó Polcaphonc, an Leabhar is Dlúthdhiosca nua don aos óg ó Dhoimnic Mac Giolla Bhríde a seoladh le déanaí.

Más cuimhin libh do bhí Doiminc agam ar an gclár roimh Nollaig ag insint dúinn fén dtogra seo, amhráin nua do leanaí atá ann,  agus caithfead a rá gur hit mór inár dtigne an albam seo, is breá linn ar fad é. Tá na hamhráin, chomh healaíonta, cliste, agus éacht déanta ag Dominic,tá samhlaíocht mínádúrtha aige, ósnádúrtha fiú. Chuir sé cóiríu cliste ar gach rian chomh maith agus seinneann sé mórán uirlis. Tá leanaí na háite ó Ghaeltacht Ghaoth Dobhair ag canadh ar an albam chomh maith agus is aoibhinn iad a chlos. Seo físeán beag fén albam:

We need your consent to load this Vimeo contentWe use Vimeo to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Chomh maith le sin beidh mé ag caint le Colm Mac an Iomaire fén a albam álainn nua Tost ar an Abhann. Bhíodh Colm mar bhall des na grúpaí The Frames agus Kila ach is fearr aithne anois air mar chumadóir agus ceoltóir aonarach. Beidh Colm ar camcuairt timpeall na tire leis an gceol nua seo agus is fiú dul ag éisteacht lena cheol mothálach, suaimheach – tá sé go maith don gcrói!

Craoltar Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta oíche Shathairn idir 7 agus 9