Labhair Aonghus Mac Lochlainn leis an ealaíontóir gloine, Róisín de Buitléar ar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina ról sa taispeántas ealaíne atá ar siúl i láthair na huaire i mBaile Átha Cliath.
Deir Róisín go raibh suim aici a bheith ag obair san amharclann ach nuair a bhí sí an-óg nach raibh mórán deiseanna traenáil a fháil sa réimse sin agus mar sin gur thit sí isteach in ealaíon an ghloine agus go bhfuil sí tógtha leis ó shin.
'tháinig mé ar an ngloine agus níor stop mé ó shin'
Ag caint ar an bpróiséas fada a bhaineann le healaíon gloine a chruthú, deir sí go dtosaíonn sí le coincheap ach go háirithe nuair atá sí ag plé le smaoineamh a bhaineann léi féin amháin, seachas tionscnamh d'fhoirgneamh nó a leithéid. Cuireann sí síos ar an ealaíon a bhíonn ar bun aici mar bhealach chun solas a thabhairt isteach agus a guth a úsáid chun tuairimí a léiriú. Is 'uirlis' agus 'ábhar' í an ghloine chun na tuairimí sin a roinnt leis an bpobal.

Ag caint ar an taispeántas 'Taking Time: An Appreciation of Irish Craft' atá le hoscailt go luath sa leabharlann i nDún Laoghaire, deir Róisín go bhfuil sé 'tábhachtach go bhfuil comhrá idir ealaíontóirí agus pobal'. Tá scéal agus fréamhacha ealaíon Róisin bunaithe i gcultúr na hÉireann, rud a chuireann go mór le téama an taispeántais atá ag ceiliúradh na ceardaíochta in Éirinn.
Is féidir leat tuilleadh faoin dtaispeántas 'Taking Time: An Appreciation of Irish Craft' a fheiceáil anseo
Craoltar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Domhnaigh idir 18.30 agus 19.00