An tseachtain seo ar Mhalairt Poirt le Muireann, labhrann Muireann Nic Amhlaoibh leis an amhránaí Gráinne Holland faoina halbam úr, Corca chomh maith le meascán álainn ceoil.
Beidh Gráinne ag caint féna halbam úr Corcra ar a bhfuil a cuid amhrán féin agus na téamaí laistiar den na hamhráin. Seo blaiseadh d'amhránaíocht Ghráinne:
Anuas ar sin beidh ceol á sheimint agam ón tSualainn agus an Alban, ina measc an t-amhránaí agus ceoltóir Julie Fowlis. Is breá liom an rian seo de phoirt beul ón albam Gach Sgeul a tháinig amach i 2014 agus éistígí leis an dtioncar Lochlannach atá sa chéad amhrán anseo seo, agus an crescendo mór ar deireadh ar fad ar na píobaí móra.
Beidh an fhéile consairtín i mbliana a bheidh ar siúl idir an 25ú agus an 28ú de mhí Aibreáin in Inis, contae an Chláir agus beidh idir ranganna, ceardlanna, cainteanna agus coirmeacha ceoil acu a bheidh bunaithe timpeall ar an gconsairtín acu, gach eolas ar consairtín.ie. Beidh roinnt de na ceoltóirí a bheidh ag an bhféile á sheimint ar an gclár agam, ina measc an fear seo Mícheál Ó Raghallaigh as Contae na Mí.
É sin is morán eile ar Malairt Poirt le Muireann oíche Sathairn ar Raidió na Gaeltachta 7-9pm.