Baoite is a powerful tour-de-force that compels and challenges. It should be on the top of everyone's list this festival season..."The Reviews Hub
Cuirfear Baoite, céal cumhachtach, faoi lánúin iascaireachta a bristear ó chéile de bharr ciúnas agus bréaga an phobail agus iad sáite in agóid in aghaidh comhlachta fracála mara ar stáitse na Péacóige, in Amharclann na Mainistreach i mí Bealtaine.
Scéal cumhachtach, comhaimseartha é BAOITE faoi lánúin iascaireachta a bristear ó chéile de bharr ciúnas agus bréaga an phobail agus iad sáite in agóid in aghaidh comhlachta fracála mara. Scalann an scéinséir dramatúil seo solas lom géar ar shícé tuaithe na hÉireann – sícé an chiúnais, sícé an náire agus sícé na mbréag, trí shúile an phríomhcharachtair, Cáit.
Tá Cáit ag iarraidh gasúir. Agus a tríú hiarracht ar IVF ag teip, tá cinneadh tromchúiseach le tógáil aici – seasamh lena pobal agus iad ag cur in aghaidh na fracála – nó loic ar a muintir agus a comharsainn ar mhaithe le mian a croí féin.
Tá scoth na n-aisteoirí páirteach sa dráma seo: Macdara Ó Fátharta, Diarmuid De Faoite, Sorcha Ní Chéide agus Eoin Ó Dubhghaill, le ceol nua-chumtha á chasadh beo ag Saileog Ní Cheannabháin agus Maitiú Ó Casaide. Is é an t-ealaíontóir Seán Ó Flaithearta atá i mbun dearaidh, agus is é an t-údar Darach Mac Con Iomaire atá i mbun léirithe.
Amharclann na Péacóige, Baile Átha Cliath
Dé hAoine 17 – Satharn 25 Bealtaine 2019 @8.00pm
Matinee 25 Bealtaine @ 2pm
Ticéid & Eolas: www.abbeytheatre.ie