skip to main content

Cuir béim ar chumarsáid

Gach mí, tugann Moira Ní Ghallchóir leaideanna dóibh siúd a bhfuil spéis acu i ngnó a bhunú agus a fhorbairt. An mhí seo, léiríonn sí tábhacht na cumarsáide.

12 Straitéis chun tuilleadh chliaint a tharraingt chugat anois!!

Treoir-ghníomh.

An dóigh chun na straitéis seo a usáid:

Seo slite atá furasta ó thaobh an ród fhad le cliaint agus seisiún follasaithe / seisiún bris-fride / seisiúin chomhairlithe / scairt dhíolacháin a aithint agus a tharraingt ort féin.

Seo trí chéim gur féidir leat a leanúint:

1 Déan teagmháil le daoine tríd aon cheann dena straitéis a bhéas a léiriú againn sa treoir – ghníomh thíos.

2 Tabhair cuireadh dóibh a theacht ag seisiún follasaithe / comhairliú in aisce. Seo comhrá 30 bomaite chun theacht ar cad mar is féidir agus más féidir leat cuidiú leo. Beidh sibh ag díriú isteach ar na dushláin atá acu, cad atá ag teastáil uatha agus cad mar is féidir le do sheirbhís / táirge cuidiú leo.

3 Ag deireadh na teagmhála seo, má tá gach aon rud ag sníomh le chéile idir an bheirt agaibh tabhair cuireadh doibh a bheith mar chliaint agat agus go bunúsach iarr orthu ceannacht uait!

Cuirfimid tús leis an treoir-ghníomh ar an mhí seo chugainn.

Slán go foill!

Moira.

Cuidíonn Moira Ní Ghallchóir, bean as Dún na nGall, le lucht ghnó spreagadh i dtreo díolacháin, ratha sola agus saoirse.