Gach seachtain, oíche Shathairn, idir 7 agus 9 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, tugann an t-amhránaí, an ceoltóir agus an láithreoir, Muireann Nic Amhlaoibh a lucht éisteachta ar aistear ceoil.
Ar Malairt Poirt le Muireann na seachtaine seo beidh cúpla rian á sheimint agam ó albam nua an ghrúpa Flook. Seo an chéad eisiúint dóibh le ceithre bliana déag agus tá lucht leanúna leo ar bís go bhfuil siad thar n-ais.
Tá ceol na feadóige móire go mór chun cinn i gceol Flook, tá dhá fhliútadóir sa ghrúpa Brian Finnegan as Contae Ard Mhacha agus Sarah Allen ó Shasana. Ag pointe áirithe do bhíodh triúr acu ann mar go raibh Micheal McGoldrick ag seimint leo chomh maith. Seo físeán fén albam nua, Ancora:
Beidh amhrán againn ó albam nua na deartháireacha Mhic Gloinn, sin Ye Vagabonds. The Hare’s lament is ainm don album nua d’amhráin atá acu. Cuireann a gceol ré órga na seachóidí i gcuimhne dom, le tionlacan binn is éadrom ar an mbouzouki. Seo físeán nua leo don amhrán The Foggy Dew:
Sheinn mo chara Gerry O’Beirne ceol an t-amhránaí ón tSeoirse Hamlet Gonashvili dom le déanaí agus táim fé gheasa ó shoin. Tá dúl mhór agam in amhránaícht ilfónach, traidisiún nach bhfuil againn fhéín, cé go n-aithním ordáidí san amhránaíocht seo a chloisfeá sa tsean-nós. Féach ar an seana thaifead seo, is ar éigin go bhfuil sé ag bogadh, féachann sé chomh héasca, ach is cinnte nach bhfuil!
Craoltar Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 7 agus 9 oíche Shathairn.