skip to main content

Níos lú ná 1% de chláracha teilifíse i nGaeilge ar RTÉ

Labhair Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga faoi Thuarascáil bhliantúil an Choimisinéir Teanga a foilsíodh ar maidin agus é cáinteach ar an laghad atá á dhéanamh ag an craoltóir náisiúnta RTÉ ó thaobh na Gaeilge ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Deir Rónán go ndearnadh imscrúdú ar RTÉ mar thoradh ar ghearán a tháinig isteach ón bpobal mar go bhfuil sé de dhualgas ag an gcraoltóir náisiúnta 'réimse cuimsitheach clár' i nGaeilge a chraoladh agus dúirt an té a rinne an gearán nach raibh sin á sholáthar ag RTÉ. Bhí 'comhoibriú iomlán' ann ó RTÉ ach go bhfuarthas amach go raibh líon na gcláracha a chraoltar a teilfís RTÉ níos lú ná haon faoin gcéad sa bhliain 2017.

Dúirt RTÉ go mbeadh siad 'ag filleadh' ar an gCoimisinéir Teanga faoi mhí Mheithimh. Mhol Rónán go gcuirfí plean faoina bhráid ag an am sin mar nár lorg siad achomharc.

Ag freagairt don tuarascáil cháinteach, chuir RTÉ preasráiteas amach nach raibh ar fáil i nGaeilge in am d'Adhmhaidin agus ar an bpointe sin, deir An Coimisinéir Teanga  go bhfuil scéim teanga ag RTÉ atá daingnithe le hAire na Gaeltachta agus go ndeirtear sa scéim sin go mbeidh gach preaseisiúint a bhaineann leis an nGaeilge ar fáil go dátheangach agus go gcuireann sé 'iontas agus díomá' air nár tharla sé sin sa chás seo.

Craoltar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Luan go hAoine idir 8 agus 9.