Dé Sathairn beag seo, a 23ú Márta, beidh an tsraith Malairt Poirt le Muireann thar n-ais ar an aer ar RTÉ Raidió na Gaeltachta óna 7-9pm.
Is mó ceol nua a tháinig amach le déanaí agus bhíos ag tnúth len é a sheimint daoibh.
Tá beirt veidhleadóir darbh ainm dóibh Lucia McPartlin agus Maria Ryan at éis CD álainn a eisiú darbh ainm Lucia and Maria Live at the Chapel. As Luimneach agus Tiobraid Árainn dóibh agus iad bheirt ana óg, nílid ach 25, ach tá aibíocht agus cumas ar leith ina gcuid ceoil. Seans gur chuala sibh cheana iad leis an ngrúpa Strung, ar an dtaifead seo meascann siad ceol Gaelach agus Clasaiceach maraon le ceol ó thíortha eile, an tSualainn ach go háirithe. Seo blaiseadh dóibh ag seimint:
Táim ar bís albam nua le Brighde Chambeuil, The Reeling, a sheimint daoibh chomh maith . Is píobaire óg Albanach í Brighde, agus do bhí sí ar an gclár Port againn bliain nó dhó ó shoin agus d’imigh a ceol go mór i bhfeidhm orainn ar fad
Seo físeán beag fén albam nua aici:
This short film was made during the recording of Brìghde Chaimbeul – The Reeling, in and around the historic East Church, Cromarty on the Black Isle.
— River Lea (@RiverLeaRecords) 7 Nollaig 2018
Featuring @brichaimbeul, @Raydeepeet, @obanfiddle and Rona Lightfoot.
It was filmed and edited by Dòmhnall Eòghainn MacKinnon. pic.twitter.com/nrYk2enWWq
Cad is féidir a rá fén Kilfenora Céilí Band, iad ar an bhfód le breis is 105 blian, cad é Gradam buaite acu agus rithim is fuinneamh acu a mhúsclódh na mairbh. Tá albam nua a léirigh Dónal Lunny darbh ainm Both Sides Now ar a bhfuil idir ceol traidisiúnta agus nua chumtha maraon le cúpla amhrán álainn. Táim ag baint fíor thaitneamh as a bheith ag éisteacht leis.
Seo bleaist ríleanna uatha:
Tá súil agam go féídir libh a bheith liom do seo agus morán eile ar Malairt Poirt le Muireann oíche Shathairn, bígí ag éisteacht!