Labhair an craoltóir, Máirín Ní Ghadhra le Helen Ní Shé ar an Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina saol mar iriseoir agus na dúshláin a bhaineann leis an ngalar scléireois iolrach.

Thosaigh Máirín agus Helen ag plé cuótaí agus dul chun cinn na mban i réimse na polaitíochta toisc gur craoltóir chúrsaí reatha agus polaitíochta í Ní Ghadhra. Deir sí gur 'mar a chéile uilig muid ag deireadh an lae' ach nach 'ionann fir agus mná agus caithfear é sin a rá agus a admháil'.

Luann Ní Ghadhra go bhfuil 'leatrom uafásach' fós ar siúl in áiteanna den domhan. Deir sí go bhfuil sé níos tábhachtaí go dtabharfaí aird ar mhná atá faoi chois i ndiaidh Lá Idirnáisiúnta na mBan. 

Ag caint ar chúrsaí oibre agus tógáil clainne, deir sí gur thóg í féin agus a fear a gcuid páistí le chéile agus í ag obair, murab ionann agus a máthair féin nuair a bhí uirthi éirí as a post nuair a phós sí.

Helen Ní Shé, láithreoir An Saol Ó Dheas.

Ag caint ar a dúshlán pearsanta, tá an galar scléireois iolrach uirthi ó bhí 2005 agus go bhfuil sin 'ag cur lancaisí ar mo chuid fuinnimh' agus go bhfuil sí ag deileáil leis. 

Faoi láthair, is 'ag siúl go cam' agus cúrsaí fuinnimh don chuid is mó a chuireann an galar isteach uirthi. Deir sí go mbíonn ag breathnú uirthi ag iarraidh a dhéanamh amach cad atá uirthi. Molann sí 'gan breithiúnas a dhéanamh' ar dhaoine mar nach bhfuil 'fhios ag éinne conas atá sláinte éinne.

'Is fearr coinneáil ort', a deir sí maidir le dúshláin nua oibre nuair nach bhfios aici cén chaoi a mbeidh sí ó lá go lá.

Craoltar An Saol Ó Dheas ón Luan go hAoine 12.08- 1.00 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.