Labhair Máirtín Mac Con Iomaire, iar-bhleachtaire garda le Frances Nic Géidigh ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, faoin sagart, Eugene Greene a fuair bás roinnt míonna ó shin. 

Ba Eugene Greene an coirpeach a ba mhó san iar thuaisceart, a rinne scrios ar phobail ina raibh sé lonnaithe, a dúirt an t-iar bhleachtaire Garda a bhí i mbun fiosrúcháin faoina ndearna sé. Deir Máirtín Mac Con Iomaire go 

'ní timpiste ar bith a rinne an Eaglais Chaitliceach an t-uafás seo a choinneáil faoi chlúdach'

Deir sé nach bhfuarthas fírinne ón Eaglais ag an am ar tharla na heachtraí nó fiú amháin go dtí an lá atá inniu ann. 

Gaeltacht Dhún na nGall, áit a raibh an tAthair Eugene Greene lonnaithe

In ionad na cosaint a bheith ar fáil do na híobartaigh, deir Mac Con Iomaire gurb iad na daoine a rinne na hionsaithe a fuair an chosaint. Cé go ndeireann sagairt anois go bhfuil cúnamh agus tacaíocht ar fáil do dhaoine a d'fhulaing, deir Mac Con Iomaire go bhfuil 'is éasca rudaí a rá ach bheadh sé níos deise rudaí a dhéanamh'. 

Luann Máirtín Mac Con Iomaire nár tugadh éinne os comhair na cúirte maidir leis na coireanna seo agus nach bhfaca sé duine ar bith a thug fianaise le tacú le líomhaintí na n-íobarthach ach oiread.

Craoltar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 8.00 agus 9.00 Luan go hAoine.