Tháinig Iarla Ó Lionáird chomh fada le Baile na nGall, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne le labhairt le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina shaol roinnte idir Princeton agus Éire, faoi fhilíocht agus faoi bhás a dheirféar, Bríd.
Deir Ó Lionáird gur 'pribhléid ana-mhór agus obair ana-shuimiúil' atá ar siúl aige in Ollscoil Princeton, i Meiriceá. Rinne sé cur síos ar an Ollscoil mar áit a bhfuil pribhléid speisialta aici, a bhfuil 'maoin acu nach bhfuil acu in áiteanna eile' agus a bhfuil bród faoi leith ann do theangacha, don cheol agus don stair. Deir sé gurb é sin 'coróin mhór' acu, cé go bhfuil cúrsaí eile acu.
Labhair Iarla faoin albam nua atá le teacht ó The Gloaming, áit a n-aithníonn Helen go raibh tionchar an-mhór ag Ó Lionáird ar an albam áirithe seo. Rinne sé cur síos ar thionchar Liam Uí Mhuirthile, nach maireann, agus ar an iarracht a rinne sé ceol a chur le dán dá chuid in omós dá chineáltacht agus dá chairdeas.
D'admhaigh Iarla go raibh 'bliain saghas ait' aige mar go bhfuair a dheirfiúr, Bríd bás anuraidh agus deir sé gur ghéill sé don bhás 'theacht isteach san albam agus gur chabhraigh sé leis dul i ngleic leis an mbrón.
Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 12.08-1.00 ón Luan go hAoine