Inniu Lá Domhanda an Raidió agus tá an t-eagarthóir ag tabhairt faoi dhúshlán an lae, 5 chlár raidió a roghnú a chuireann go mór lena saol.

Is iomaí lá atá caite agam gan aon chomhluadar ach comhluadar láithreoirí an raidió agus uaigneas níor bhraith mé. B'fhearr liom i bhfad an raidió ná aon teilifís nó aon scaileán eile. Deirtear go bhfuil na hÉireannaigh i bhfad níos tógtha leis an raidió ná a gcomharsana Eorpacha eile agus ní haon ionadh mar go bhfuil caighdeán an-ard baint amach sa tír seo. Seo mo rogha-sa, i láthair na huaire.

An Saol Ó Dheas- RTÉ Raidió na Gaelachta, 12.08-1.00 i.n, Luan go hAoine.

Cé nach as Cúige Mumhan nó nach bhfuil gaol ar bith agam thíos ann seachas cairde atá nach mór ina ngaolta anois, tá mo chroí istigh in san Saol Ó Dheas. Clár irise a chlúdaíonn imeachtaí agus scéalta na ndaoine ó dheas le láithreoir cumasach, tuisceanach a chuimsíonn an focal 'daonnacht', dar liom.

Helen Ní Shé, láithreoir An Saol Ó Dheas

The John Creedon Show, RTÉ Radio One, Luan - Déardaoin, 8 i.n - 9.50 i.n, Dé hAoine, 8 i.n - 10.00 i.n

Am dinnéir agus ina dhiaidh, i dteach s'againne, soláthraíonn John Creedon rogha leathan, ilchineálach amhrán agus ceoil. Sáraíonn a rogha teorainn na seánraí a shamhlaítear atá ann idir ceol traidisiúnta, Éireannach agus ceol ón Afraic agus ón Áis agus áiteanna nach iad nach gcloiseann muid minic a dhóthain.

John Creedon, láithreoir RTÉ Radio One

Bláthnaid Libh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, maidin Shathairn, 10.15- 11.00 r.n.

Clúdaítear ábhar nach gcloisfí agus in amanna, nach bpléifí i nGaeilge, murach Bláthnaid agus a foireann nach seasann siar ó ábhar dúshlánach. Tá atmaisféar bríomhar ann a eascraíonn ón láithreoir fuinniúil agus is breá liom guthanna nua a chloisteáil ar phainéal na maidine, freisin!

Bláthnaid Ní Chofaigh, láithreoir Bláthnaid Libh

Sinéad ar Maidin, RTÉ Raidio na Gaeltachta 10.15-11.00, Máirt go hAoine.

Díreach in am do chaifé na maidine, tá fhios agam nach mise amháin a shíleann go bhfuil bua speisialta ag Sinéad éisteoirí a chur ar a suaimhnis. Tá rogha ceoil álainn ag Sinéad, taitníonn na traiceanna beo a aimsíonn sí ó chartlann RTÉ ach go háirithe liomsa.

Sinéad Ní Uallacháin, láithreoir, Sinéad ar Maidin.

Malairt Poirt le Muireann, RTÉ Raidió na Gaeltachta, oíche Shathairn, 19:00 - 21:00.

'Newcomer' sa chatagóir seo, tá cáil ar Mhuireann mar amhránaí agus mar cheoltóir ach tá léirithe aici go bhfuil sí in ann trá eile a fhreastal agus í anois ag craoladh as Baile na nGall gach oíche Shathairn. Bíonn meascán mearaí ag Muireann dúinn, agallaimh le muintir an cheoil chomh maith le ceol comhaimseartha, ceol idirnáisiúnta agus ceol traidisiúnta ina bhunchloch.

Muireann Nic Amhlaoibh, láithreoir Malairt Poirt le Muireann.