Craoladh clár speisialta den Saol Ó Dheas as Tigh an Phóist i gCorca Dhuibhne inné- áit ar dhún an siopa áitiúil deireanach atá ag freastal ar phobal Gaeltachta i gCiarraí. Labhair bean a' tí, Johanna Ní Chonchúir chomh maith le comharsana agus cairde faoi thábhacht an tsiopa sa cheantar, chomh maith le bánú na tuaithe.
Bhí cuimhní cinn á roinnt ag daoine ar an siopa atá ar an bhfód le breis agus céad bliain. Deir Helen Ní Shé, láithreoir An Saol Ó Dheas go bhfuil comharthaí an tseanshaoil agus an saol nua sa siopa, áit a raibh arán saor ó ghlútan agus seanaleabhair na scoile san aon áit amháin, i dTigh an Phóist.
Deir Johanna go mbraitheann sí go bhfuil idir 'uaigneas agus saoirse' uirthi agus an siopa ag dúnadh. Baineann dúnadh an tsiopa le bánú na tuaithe trí chéile a deir comharsana agus an easpa deiseanna fostaíochta faoin dtuath agus na fadhbanna a bhaineann le tithe a thógáil i gCorca Dhuibhne.
Deir Séamus Begley gur 'lá ana-bhrónach' ab ea an dúnadh an tsiopa seo agus deir sé go raibh sé deacair ar éinne a bheith ag maireachtáil faoin dtuath mar go raibh siopaí agus seirbhisí na háite ag dúnadh, 'cad é an chéad rud eile?' a cheistigh sé.
Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08-1.00 Luan go hAoine.