I gclár ealaíon nua de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, An Cúinne Dána tugtar spléachadh ar na healaíona, idir dhrámaíocht, litríocht, scannáin is ceol, agus agallaimh le mórealaíontóirí na tíre, léirmheasanna agus go leor eile le cloisteáil ann.  

Agus a chuid cuimhní cinn Jumping the Border díreach foilsithe aige, caitheann Séamas Ó Catháin súil siar ar a shaol ag bailiú ábhair ó Dhún na nGall go dtí an Ciorcal Artach agus labhrann sé faoina óige ag fás aníos faoi scáth na teorann i dTír Eoghain. 

Insíonn an Dr Síle Denvir dúinn mar gheall ar siompóisiam a bheidh ar siúl i nGaillimh mar gheall ar mhná sa cheol Gaelach agus sa cheol tíre. Má sháraíonn ceol gach teorainn, an bhfuil bacanna eile ann i gcúrsaí ceoil agus an bhfuil bacanna áirithe ar mhná?

Dr Síle Denvir

Agus sa chúinne léirmheastóireachta an tseachtain seo is ag díriú ar chúrsaí leabhar atá muid i dteannta eagarthóir Nós Maitiú Ó Coimín, a phlé leabhar nua le hOrna Ní Choileáin atá faoi anáil an bhéaloidis, an leabhar Spéirling, agus cnuasach nua gearrscéalta de chuid Eithne Ní Ghallchobhair dar teideal Súil.

Craoltar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Domhnach, idir 18.30-19.00