Labhair Anna Heussaff le Gormfhlaith Ní Thuairisg ar Adhmhaidin, RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gcás atá sa Ard Chúirt atá á thógáil ag Cairde Timpeallachta in Éirinn vs an Stát faoin laghad atáthar a dhéanamh faoi chúrsaí aeráide. 

Deir Anna atá in a ball de ghrúpa Cairde na Cruinne gurb é seo an chéad chás den chineál seo in Éirinn ach nach é an chéad chineál chás é go hidirnáisiúnta atá tarlaithe le tamaill de bhlianta anuas. Luaigh Anna cás buacach a tharla san Ísiltír a spreag an cás Éireannach seo a léirigh go raibh easpa gnímh rialtais maidir bagairtí athrú aeráide ag sárú cearta daonna.

Anna Heussaff

Luaigh Anna go bhfuil cearta bunreachtúla i gceist leis an gcás seo freisin mar thug an grúpa Cairde Timpeallachta in Éirinn tamaill ó shin a thug le fios go raibh cearta timpeallachta i gceist sa Bhunreacht mar nach bhféadfaí na cearta eile a chomhlíonadh mura bhfuil timpeallacht ann.

Deir Anna go bhfuil plean an rialtais maidir le hathrú aeráide 'lag agus easnamhach' agus go bhfuiltear ag súil le go mbainfí an plean sin agus go gcruthófar ceann nua atá níos láidre ná an ceann atá ann i láthair na huaire.

Craoltar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Luan go hAoine idir 8 agus 9.