Labhair Ardstiúrthóir TG4 le Gormfhlaith Ní Thuairisg ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi dhul chun cinn an stáisiúin atá faoina stiúr. 

Foilsíodh figiúirí le déanaí ó TG4  a deir siad go bhfuil an stáisiún ag dul ó neart go neart i bhfianaise chomh maith agus atá ag éirí lena gcuid ábhar ar líne chomh maith leis an ábhar atá dá sholáthar ag comhlachtaí neamhspleácha don stáisiún atá ag cur le fostaíocht sna réigiúin.

Deir an tArdstiúrthóir nuair a d'fhéach sé ar fhigiúirí an lucht féachana nuair a ceapadh é sa bhliain 2015 agus gur aithin sé go raibh an stáisiún ag brath go mór ar an sceideal roimh a 6, sceideal a dhírigh ar chúrsaí spóirt 'beagnach go hiomlán'. Athraíodh fócas an sceidil ó shin agus anois tá an sceideal ag díriú ar an gcroíphobal a bhfuil an Ghaeilge in úsáid acu gach lá chomh maith leis an lucht féachana náisiúnta, i straitéis 'twinpoll' mar go bhfuil an dá lucht féachana sin tábhachtach. Luaigh Esslemont cláracha ar nós Bailte, Bádóirí agus An Balla a mheallann daoine le Gaeilge chomh maith le lucht féachana níos leithne.

D'admhaigh Esslemont go bhfuil sé dóchasach maidir le dul chun cinn an stáisiúin, cé go bhfuil dul chun cinn ag TG4 go raibh titim ar lucht féachana ar an iomlán sa bhliain 2017, toisc bearnaí spóirt ag tús na bliana.

Tá an tArdstiúrthóir go bhfuil sé 'an-deacair' an straitéis atá ag an stáisiún a chur i bhfeidhm ceal maoinithe. Deir sé go bhfuil an caidreamh idir RTÉ agus TG4 'láidir' ach mar nach bhfuil dualgais RTÉ á gcomhlíonadh acu maidir le cláracha Gaeilge go bhfuil bealach fós le dul le go mbeidh toradh air. 

Craoltar Adhmhaidin idir 8 agus 9 ón Luan go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta