skip to main content

Cá bhfaighfear an shift? An bhfuil ré na gclubanna oíche thart?

Labhair Cian Ó Cíobháin le Helen Ní Shé faoi na cúiseanna go bhfuil na clubanna oíche ag dúnadh in Éirinn ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá Cian ag obair mar dhioscmharcach le blianta fada agus deir sé go bhfuil athrú ollmhór tagtha ar chultúr na hoíche in Éirinn. Deir sé gur tharla go leor athruithe ó thaobh na teicneolaíochta de a d'athraigh meon daoine i leith chlubanna oíche. 

Dar leis an gCíobhánach go bhfuil dhá shaghas chlub oíche ann; ceann amháin a dtéann daoine ag ól agus ag lorg an 'shift' agus an ceann eile ar 'ionad ceoil' atá ann, áit a dtéann daoine chun rince nó chun éisteach le DJ faoi leith. 

Tá an dá saghas club sin 'ag fulaingt ar shlite áirithe' a deir Cian ón uair gur athraíodh na dlíthe a bhaineann le tithe tábhairne a bheith oscailte níos déanaí san oíche. Bhíodh ar dhaoine na pubanna a fhágaint agus dul ar aghaidh go clubanna oíche le fanacht amuigh ach ní gá dóibh é sin a dhéanamh a thuilleadh.

Tá teacht ag daoine ar cheol sa bhaile, tá costas an-ard ar dhul amach agus níl na clubanna in úsáid mar fheidhm le bualadh le daoine toisc go bhfuil sé sin ag tarlú ar líne anois le leithéidí Tinder agus Bumble.

Síleann Cian go bhfuil 'an iomarca féilte' ó thús go deireadh bliana agus gur féidir leat do chóisir féin a eagrú mar nach bhfuil aon deacracht ag daoine 'theacht ar cheol anois, a bhuíochas leis an idirlíon. 

Níl na háiteanna déanach go leor agus dá réir, tá Éireannaigh ag dul thar lear le hoíche mhaith a bheith acu go dtí an Ghearmáin nó Amsterdam le go mbeidh siad in ann fanacht amuigh go dtí 4 nó 5. Luann Cian go bhfuil tionchar ag na féilte ar fad atá á reachtáil in Éirinn freisin ar an líon daoine a théann amuigh chuig clubannna oíche agus ní deireadh ré é seo ach go bhfuil rudaí ag athrú agus nach bhfuil in aon rud ach seal.

Tá clár ceoil ag Cian Ó Cíobháin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, An Taobh Tuathail, 22:00 - 00:00 Luan - Aoine.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00 Luan go hAoine.