Ar Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, labhair Cormac Ó hEadhra le Mícheál Ó Leidhin, Thomas Pringle agus Liadh Ní Riada faoi cheist na Breatimeachta agus vóta na hoíche anocht.

Dúirt Mícheál Ó Leidhin. eagraí polaitiúil RTÉ Raidió na Gaeltachta, go bhfuiltear ag súil go gcuirfear clabhsúr leis an díospóireacht inniu thart ar a leath uair tar éis a sé, agus go dtosóidh an vóta thart ar a seacht. 

Tá ceithre cinn de leasaithe ceadaithe ag an gceann comhairle John Bercow. Beidh na feisirí parlaiminte ag vótáil ar na leasuithe sin ar dtús, sula mbeidh vótáil ar an socrú deireanach. Táthar ag súil go mbeidh toradh ann idir a hocht agus a leath uair tar éis a hocht anocht.

Níl an leasú atá ag iarraidh teora ama a chur leis an gcúlstad ceadaithe. Na cinn atá ceadaithe, níl súil go n-éireoidh leo toisc go bhfuil siad ag teacht salach ar an méid atá aontaithe ag Theresa May leis an Aontas Eorpach (AE). 

Is í an chaint is mó atá i Westminister i láthair na huaire, ná cé chomh mór is a bheidh an chailliúnt aici. Má bhíonn an chailliúnt os cionn 100 vóta, táthar ag caint go mbfhéidir nach mbeadh Theresa May in ann leanúint uirthi mar Phríomh-Aire, toisc nach mbeadh an AE sásta aon rud eile a thabhairt di mar go bhfuil uirthi tacaíocht a fháil ó os cionn 150 feisirí parlaiminte, níl sé sin indéanta. Mar sin, beidh siad ag rá cad is fiú dóibh a thuilleadh geallúintí a thabhairt di nuair nach bhfuil a fhios acu an éireoidh léi iad a chur tríd an bparlaimint. Caithfear teacht ar ais le Plean B laistigh de thrí lá oibre. 

Táthar ag fanacht ar Pháirtí an Lucht Oibre agus an méid a dhéanfaidh Jeremy Corbyn. Tá seisean tar éis a rá go gcuirfidh sé rún mímhuiníne thíos i Theresa May go luath. 

I dtuairim Thomas Pringle, caithfidh Éire ullmhúchán a dhéanamh don Bhreatimeacht ar an 29ú de mhí an Mhárta, mar go bhfuil an chinnteacht ann go bhfuil an Bhreatain chun an AE a fhágáil ar shlí amháin nó ar shlí eile. Measann sé nach bhfuil Éire ullmhaithe don Bhreatimeacht maidir le heolas a sholáthar do dhaoine ó thaobh a gcearta, cúrsaí sláinte tras teorainn, ainmhithe agus díolachán bia.  Caithfidh an rialtas dlithe a chur tríd an dáil agus reachtaíocht a ullmhú.

Dar le Liadh Ní Riada nach mbeidh aon fhreagra againn anocht ach go mbeidh níos mó éiginnteachta ann agus is mór an chúis buairt  é dúinn ar fad.

Craoltar Nuacht a hAon ag a haon a chlog, Luan go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.