Labhair eagraí polatiúil RTÉ Raidió na Gaeltachta, Mícheál Ó Leidhin atá in Londain, le Gormfhlaith Ní Thuairisg ar Adhmhaidin faoina bhfuil i ndán di ag vóta na hoíche anocht.
Deir Ó Leidhin go bhfuiltear den tuairim nach bhfuil ceist ann maidir le an gcaillfidh May an vóta anocht ach le cé mhéid vóta. De déir dealraimh, caillfear an vóta agus beidh 3 lá ag an bPríomhaire filleadh ar an bParlaimintt le plean eile.
Luann Mícheál go bhfuiltear anois ag caint ar 'cé chomh mór agus a bheidh an buille sin, ina coinne' i ndiaidh an vóta anocht.
Luaigh Mícheál go bhfuil caint ann go mbeidh rún mímhúiníne ó Jeremy Corbyn má chailleann sí an vóta agus go bhfuil an seans ann go nglaofar toghchán má tharlaíonn sin. 'ní gá go n-éireódh leis an rún sin', áfach, a deir Ó Leidhin.
Caithfear an vóta ag 7 anocht sa Pharlaimint agus táthar ag súil le torthaí an vóta i ndiaidh a 8.
Craoltar Adhmhaidin idir 8 agus 9 Luan go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.