Labhair Aoife Ní Mhurchú atá ag obair le Médicins san Frontieres le Gormfhlaith Ní Thuairisg ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gcúis go bhfuil deireadh leis an obair tarrthála a bhí MSF MV Aquarius a dhéanamh ar theifigh sa Mheán Mhuir.
Deir Aoife go raibh dea-scéal ag daoine a bhí sáite ar bháid amach ó chósta Malta ag fanacht ar scéal an ligfí isteach iad go calafort i Malta ar feadh naoi lá déag. Tháinig ocht mballstát an Aontas Eorpaigh ar réiteach, Éire ina measc go nglacfaí leis na daoine seo agus go dtabharfar tearmann dóibh.
Chuir Aoife fáilte roimh an scéal seo ach deir sí go gcaithfimís smaoineamh ar mheabhairshláinte na ndaoine a bhí fágtha gan aon eolas acu ar an mbád seo ar feadh beagnach 3 seachtaine.

Luaigh go bhfuil na ndaoine a thagann i dtír, i ndrochstaid, iad ag teitheadh ó chúinsí contúirteacha ina dtíortha féin, daoine leochaileacha iad ón tús agus ansin a chuirtear ar bháid bheaga nach bhfuil sabháilte chun saol nua a aimsiú dóibh féin.
Bhíodh Aoife ag obair ar an MSF Aquarius le teifigh ach anois tá an bád sin in úsáid le haghaidh taighde agus deir sí go bhfuil sé deacair dul i ngleic leis an bhfírinne go mbáfar níos mó daoine toisc nach bhfuil an bád in úsáid chun daoine a tharrtháil anois.
Craoltar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 8 agus 9, Luan go hAoine.