skip to main content

Veganuary- An fiú é a dhéanamh?

Labhair Caoimhe Ní Chathail, Ciara Ní É agus saineolaí cothúcháin Kate McDaid le Bláthnaid maidir leis na dúshláin a bhaineann le haiste bia veigeánach a thriail.

Tá go leor cainte le déanaí maidir le gearradh siar ar fheoil i gcomhthéacs chúrsaí timpeallachta agus maidir leis cúrsaí sláinte chomh maith. 

Labhair beirt Caoimhe agus Ciara a bhí ar phainéal na maidine maidir leis an rogha a rinne siad triail a bhaint as feoil agus gach aon táirge a bhfuil baint acu le hainmhithe a sheachaint. Deir Caoimhe, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste go bhfuil Baile Átha Cliath chun cinn ar Bhéal Feirste maidir le bia veigeánach sna bialanna.

Deir Caoimhe  go gcaithfidh tú a bheith 'ullmhaithe', bia a thabhairt leat agus a bheith ag smaoineamh chun cinn nuair atá tú ag brath ar phlandaí don chuid is mó.

Caoimhe Ní Chathail

Labhair Kate faoi na bearnaí atá san aiste bia veigeánach agus go gcaithfeá a bheith ag smaoineamh ar cá bhfaighfeá leithéidí cailciam agus tú ag tabhairt faoin aiste bia seo.

Deir Ciara go n-airíonn sí go bhfuil sí samhlaíoch anois maidir le bia, ach fós féin go bhfuil sí ag súil le filleadh ar sushi agus uachtar reoite ag deireadh na míosa!


Craoltar Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 10.15 agus meánlae.