Cuireann Lee Vahey an scríbhneoir, an foilsitheoir, an t-eagarthóir, agus an t-iar-ealaíontóir, Darach Ó Scolaí faoi agallamh. Cíorann siad an litríocht, an léitheoireacht, an fhoilsitheoireacht, leabhair Ghaeilge, agus an dúshlán a bhaineann le léirmheastóireacht shásúil i bpobal an-bheag.

LV: A Dharach, is dóigh gur duine thú a bhfuil go leor inseacht ar a scéal.

DÓS (ag meangadh): An dóigh?

LV: Sa méid is go bíonn caipíní go leor dá gcaitheamh agat. Is foilsitheoir thú. Bhunaigh tú agus do dheartháir Caomhán an teach foilsitheoireachta Leabhar Breac sa mbliain 1994, agus is tú féin eagarthóir ginearálta an tí sin. Ach i dteannta lena bheith i d’fhoilsitheoir agus d’eagarthóir, is údar sách bisiúil thú freisin.

DÓS: Go raibh maith agat.

LV: Ach ní hé an focal amháin a bhíonn dá shaothrú agat ach oiread. Seans nach bhfuil a fhios ag leor go mbíonn tú ag ealaíontóireacht, nach mbíonn?

DÓS: Bhíodh, go háirid. Bhain mé slí bheatha amach mar ealaíontóir sa bhFrainc sna hochtóidí.  Ansin, tháinig mé ar ais go hÉirinn agus lean mé ar aghaidh de sin ar feadh píosa. Ach in éindí leis sin, bhí mé ag plé le cúrsaí teilifíse is scannáin ar feadh píosa. Ach thóg sé sin an oiread sin de mo chuid ama go mb’éigean dom an phéintéireacht a chur de leataobh. Agus chuaigh mé ansin isteach sa drámaíocht. Bhí sé i gcónaí i gceist agam filleadh ar an bpéintéireacht, ach d’imigh na blianta. Agus ar ndóigh, ansin bhí an scríbhneoireacht i gceist. Is dóigh go mb’in é an chéad ghrá a bhí ariamh agam an scríbhneoireacht. Cé go bhfuilim thar a bheith sásta leis an rud atá ar siúl agam faoi láthair, ba mhaith liom go mbeadh an ealaín i gceist.

Darach Ó Scolaí

LV: Bhuel, nach mbíonn ealaín de shórt i gceist leis na saothair a chuireann sibhse Leabhar Breac amach? Is minic a mholtar foilseacháin Leabhar Breac as feabhas a gcur i láthair. Is é sin, is beag léirmheas nach dtugtar ann moladh eicínt do chuma, leagan amach, dearadh, nó fiú rogha cló bhur leabhar. Nach ealaín sin a gcaitheann sibh dúthracht choinsiasach léi? Caithfidh gurb ea.

DÓS: Bhuel, bhí sé ar cheann de na cúiseanna go ndeachaigh muid le foilsitheoireacht ar dtús, mé féin agus mo dheartháir Caomhán. Go ginearálta, bhí fíordhroch-chuma ar leabhra Gaeilge sna hochtóidí agus sna naochaidí. Tá go leor acu fós atá sách dona.  Mar sin, theastaigh uaim díriú isteach ar an taobh sin de mar chonaic mé féin leabhra breátha a thaitin go mór liom a raibh fíordhroch-chuma orthu. Is deacair a shamhlú go gceannódh duine ar bith iad. Tá sé chomh tábhachtach go mbeadh an caighdeán ard ag chuile leibhéal. Mar ní haon mhaith duit go mbeadh an scríbhneoir bocht ag cur a thóin amach ag iarraidh dea-obair a dhéanamh mura bhfuil an foilsitheoir le leabhar snasta a chur ar an tseilf. Mura bhfuil an foilsitheoir sásta cruth taitneamhach a chur ar leabhar, céard is fiú an leabhar a phiocadh suas?

LV: Ag caint ar leabhra a cheannacht, agus ar an gcineál leabhair a thaitníonn leat, rinne mé rud beag tochailte sul má chasadh le chéile muid inniu. I mbun tochailte dom, tháinig mé ar léirmheas a scríobh tú in iris Comhar sa mbliain 1985,  áit a gcuireann tú síos go neamhbhalbh ar an gcineál saothair nach léifeá. Mura miste leat, ba mhaith liom a léamh le feiceáil cén bharúil atá agat air anois.

DÓS [ag gáire]: Ba mhaith liomsa é sin a léamh arís ó tharla gur scríobhadh chomh fada sin ó shin é!

LV: Bhí tú ag caint ar an am a bhaineann le leabhar a léamh, ar an stró a chuireann duine air le leabhar dúshlánach a léamh go háirid. Is rud sin, a dúirt tú, ‘nár mhiste a dhéanamh le saothar ar bith dá mbeadh an t-am ag duine – ach a bheith réasúnta cinnte de roimh ré gurbh fhiú an tairbhe an saothar’. Ba é do mheas é, áfach, nárbh fhiú an tairbhe an saothar áirid gearrscéalta a bhí le léirmheas agat. Arsa an Scolaíoch:

Duine mé atá den tuairim nach ceart an iomarca allais a chaitheamh le saothar scríbhneora mura bhfuil an scríbhneoir céanna sásta a chuid smaointe a roinnt linn ar bhealach soléite, nó ar a laghad ar bith, ar bhealach taitneamhach. Tá an saol róghairid; tá rudaí eile le déanamh; tá leabhair eile le léamh …

DÓS: Tagaim leis sin fós. Ní hé an scríbhneoir amháin atá i gceist, ach an foilsitheoir freisin.

LV: Spreag an léirmheas áirid seo aighneas agus comhfhreagras ar leathnaigh na hirise míonna i ndiaidh a fhoilsithe. Fiú, ghríosaigh sé údar agus foilsitheoir an chnuasaigh chun pinn fiú, agus ba theasaí an t-allagar a bhí acu leat.

DÓS: Is cuimhneach liom sin.

LV: B’annamh a tharlódh a leithéid sa lá atá inniu ann, sílim. Airím gurb annamh a bhíonn léirmheastóirí sásta léirmheas a scríobh ar leabhar Gaeilge nár thaitin leo. Meas tú go mbaineann sin lena chúinge is atá saol na Gaeilge, lena mhéad is a bhíonn aithne ag lucht na Gaeilge ar a chéile?

DÓS: Ní dóigh liom go bhfuil saol na Gaeilge i bhfad níos mó anois ná mar a bhí sé sna hochtóidí, nuair a bhí an léirmheastóireacht i bhfad níos láidre. Ach tá mé ag ceapadh gur imigh an léirmheastóireacht i dtreo na hacadúlachta an iomarca agus gur lig an lucht acadúil an léirmheastóireacht le sruth ansin ar bhealach. Anois, tá na scríbhneoirí ag agóidíocht faoi seo agus siúd le cúpla bliain anuas, ach ní fheicim iad ag tabhairt aghaidh ar an rud is mó atá le déanamh acu: is é sin, léitheoirí a mhealladh. An rud ba chóir dóibh a dhéanamh dháiríre ná dul i mbun léirmheastóireachta aríst. Níl aon mhaith a bheith ag tabhairt amach faoina laghad léirmheasanna ar Comhar nó ar Tuairisc, nó in áit ar bith eile. Is iad na scríbhneoirí féin a chaithfeas a bheith sásta iad a scríobh. Mar má bhreathnaíonn tú ar shaol an Bhéarla, abair i Sasana, níl an ciorcal léirmheastóirí níos mó ná mar atá in Éirinn. Is iad na daoine céanna atá ag scríobh léirmheasanna sa Guardian agus a leithéidí sin, an ciorcal céanna. Is scríbhneoirí atá ag déanamh léirmheasanna ar a chéile.

LV: I dteannta lena bheith ina scríbhneoirí, áfach, is léirmheastóirí gairmiúla iad go leor díobh siúd chomh maith, nach ea?

DÓS: Tá an dá rud ann. Tá sé sin ann ceart go leor, ach tá go leor scríbhneoirí dá dhéanamh. Ar deireadh, an chuid is mó acu is scríbhneoirí iad. Fiú feiceann tú anois má bhíonn litríocht Angla-Éireannach dá léirmheas ar an Guardian, cuir i gcás, is iondúil go roghnaíonn siad scríbhneoir Angla-Éireannach le léirmheas a dhéanamh. Mar sin, bíonn leabhar le John Banville dá léirmheas ag Colm Tóibín. Bíonn leabhar le Colm Tóibín dá léirmheas ag Anne Enright agus mar sin de.

LV: Tagaim leat sa méid nach mbíonn a ndóthain léirmheasanna dá scríobh ach cad é do mheas ar chúrsaí eagarthóireachta? Is minic a dhéantar cáineadh ginearálta go bhfoilsítear leabhra i nGaeilge nár chóir a fhoilsiú ar chor ar bith. Glacaim leis nach mbíonn sé d’acmhainn ag tithe foilsitheoireachta Gaeilge na seirbhísí liteartha a chur ar fáil don scríbhneoir ar an mbonn céanna is a chuireann tithe i dteangacha eile. Cuirim i gcás seirbhísí mar eagarthóireacht liteartha, cóipeagarthóireacht, profléitheoireacht agus mar sin de. An bhfágann sin go mbíonn na cúraimí sin ar an scríbhneoir Gaeilge san áit a mbeidís ar an teach foilsitheoireachta i dteangacha eile?

DÓS: Bhuel, ba cheart go ndéanfadh an foilsitheoir é. An rud atá ann, áfach, níl teacht go héasca ar na scileanna sin. Ceapaim go ndéanann cuid mhaith foilsitheoirí é, ach i ndáiríre, níl fáil acu ar scileanna sainiúla mar sin. Mar sin, bíonn siad ag brath ar scríbhneoirí eile lena dhéanamh. Agus seans nach é is fearr mar chur chuige.

LV: Meas tú go bhfuil leigheas air sin? Meas tú go bhfuil bealach ann le go dtiocfar ar na scileanna sainiúla sin ar bhonn níos éasca?

DÓS: Sílim go dtiocfaidh sin de réir a chéile. Ónar dtaobh féin de, feicim go bhfuil ardú ar dhíolacháin. Ardú mall é, ach ardú bliain i ndiaidh bliana.  Fiú na ‘drochbhlianta’ th’éis na géarchéime eacnamaíochta, nó le linn na géarchéime, tá an t-ardú sin le feiceáil an t-am ar fad. Níl tú ag caint ach ar chúpla céatadáin in aghaidh na bliana, ach tá sé ag tarlú.

LV: Is údar misnigh sin, ar ndóigh.

DÓS: Más féidir linn tógáil air sin, agus an rud atá uainn i ndáiríre ná léitheoirí a neartú, an pobal léitheoireachta agus scríbhneoireachta a neartú tríd níos mó ábhar a chur ar fáil. Cuir i gcás, thosaigh mise ag léamh i ndáiríre i nGaeilge th’éis na hollscoile. Is dóigh go raibh mé ag léamh roimhe sin, ach cineál eile leabhra a bhí i gceist. Th’éis na hollscoile, thosaigh mé ag léamh, abair, úrscéalta ‘liteartha’, agus a leithéidí sin. Ní raibh mórán d’úrscéalta liteartha ar fáil. Céard a bhí ann? Ní raibh Liam Mac Cóil tosaithe ag scríobh. Ní raibh gearrscéalta le Seán Mac Mathúna ar fáil. Bhí leabhar nó dhó le hAlan Titley ar fáil agus fíorbheagán eile i ndáiríre a léifeadh duine eicínt óg, abair, i 1984. Ach má bhreathnaím ar an scéal anois; abair dá mbeifeá ar an ollscoil agus tosaithe amach ar an léitheoireacht liteartha, tá i bhfad níos mó ar fáil. I bhfad níos mó. Ceal cleachtadh léitheoireachta, bhí an baol ann sna hochtóidí go dtitfeá amach as nós na léitheoireachta. Anois, ní dóigh liom go bhfuil sin ann. Sílim go mbeadh a dhóthain léitheoireachta ar fáil do dhuine ar bith ar feadh trí nó ceithre bliana.

2

LV: Deirtear go minic go bhfuil bearna shuntasach idir an leabhar ‘liteartha’, mar a thugann tú féin air, agus an leabhar ‘móréilimh’. Feictear dom go bhfuil sibhse Leabhar Breac ag iarraidh freastal ar an dá thrá úd. Cé gur doiligh an téarma ‘móréilimh’ a shamhlú le mionteanga ar nós na Gaeilge, tugaim faoi deara go bhfuil go leor saothar do pháistí foilsithe agaibh, riar maith úrscéalta grafacha, chomh maith le cúpla aistriúchán. An mbíonn díol na leabhar liteartha thíos leis na leabhra móréilimh?

DÓS: Ní bhíonn. I gcás An Cléireach, abair, cuireadh i gcló don chéad eagrán seacht gcéad agus agus tá sin as cló. Ansin, cuireadh míle i gcló don dara heagrán agus tá sin fós i gcló. Shamhlóinn go bhfuil thart ar mhíle ceithre chéad nó mar sin díolta.

LV: Bhuel, nach mbíonn ealaín de shórt i gceist leis na saothair a chuireann sibhse Leabhar Breac amach? Is minic a mholtar foilseacháin Leabhar Breac as feabhas a gcur i láthair. Is é sin, is beag léirmheas nach dtugtar ann moladh eicínt do chuma, leagan amach, dearadh, nó fiú rogha cló bhur leabhar. Nach ealaín sin a gcaitheann sibh dúthracht choinsiasach léi? Caithfidh gurb ea.: Sin díol maith ar leabhar ar bith, ní airím leabhar Gaeilge.

DÓS: An Dochtúir Áthas, tá sé ag dul isteach sa tríú cló. Tá An Litir sa dara cló. Tá Táin Bó Cuailnge anois as cló th’éis bliana. Seacht gcéad a cuireadh i gcló i dtosach agus míle atá dá gcur i gcló anois. Cóip chrua a bheas ann. Tá sin go maith. 

LV: Tá borradh áirid faoi chúrsaí aistriúcháin faoi láthair, an t-aistriú uaidh theangacha eile go Gaeilge, agus an t-aistriú uaidhn nGaeilge go dteangacha eile. An mbíonn díol níos fearr ar bhur n-aistriúcháin ná mar a bhíonn ar bhunsaothair nua?

DÓS: Ní bhíonn. Ní bhíonn cé is moite d’aistriúcháin do dhéagóirí. Tá riachtanas i bhfad níos mó le haistriúcháin do dhéagóirí is do pháistí mar léann siad i bhfad níos mó leabhra ar luas i bhfad níos sciobtha. Abair, cailíní óga sna déaga, deirtear go léifidís, b’fhéidir, céad caoga leabhar sa mbliain. Níl aon náisiún leis na scríbhneoirí a chur ar fáil a scríobhfadh céad caoga leabhar nua sa mbliain. Mar sin, tá muid uilig ag brath ar aistriúcháin. Abair sa bhFraincis, 42% de na leabhra a fhoilsíonn siad is aistriúcháin iad. Inár gcás féin, ba cheart go mbeadh níos mó aistriúchán ann do chuile aoisghrúpa.

LV: Dháiríre?

DÓS: Ó yeah. Teastaíonn sé, don aoisghrúpa sin ach go háirid.  Ní bheidh scríbhneoirí Gaeilge, dá fheabhas iad nó dá dhonacht iad, go deo in ann soláthar mar sin a chur ar fáil do ghásúir. Ní féidir.

LV: Raidht. Cad é do mheas maidir leis an treo eile, maidir le saothair Ghaeilge a thiontú go teangacha eile? Abair, an mbeifeása compordach dá ndéanfaí do shaothair féin, nó saothair bhur stábla scríbhneoirí, a aistriú go Béarla?

DÓS: Is deacair a rá i ndáiríre. Ní dóigh liom go bhfuil an oiread buntáiste ann d’fhoilsitheoir leis na haistriúcháin seo agus bhítear a rá.

LV: Mar sin é?

DÓS: Níl de bhrabach san aistriúchán ach 8% d’airgead an díolacháin. 8%! Is fíorbheagán é sin. Má tá do dhóthain ábhar agat, d’fhéadfá a dhul anonn go hAonach Leabhar Frankfurt nó go hAonach Leabhar Bologna le do leabhra agus iad a dhíol. Ach tá go leor airgid i gceist leis sin freisin. Agus is é an rud is measa go bhfuil go leor ama i gceist. Go minic, is rud gradamúil é. Baineann sé le gradam agus leis an bhfoilsitheoir a chur i láthair mar aistritheoir nó mar fhoinse aistriúcháin, abair. Feicim go ngabhfaidh muid sa treo sin cinnte, mar tá leabhra againn ar fiú iad a aistriú. Aistríodh An Litir le Liam Mac Cóil, abair. Tá An Litir ar fáil sa mBulgáiris agus tá muid ag súil leis an dara ceann, I dTír Strainséartha, a aistriú. Fanfaidh muid go mbeidh tríú ceann ar fáil, agus beidh go luath, agus tá súil againn go ndéanfar é a aistriú freisin.

LV: Cé chomh luath is a bheas an tríú ceann sin ar fáil? Cén teideal atá air fiú?

DÓS: Bealach na Spáinneach atá air agus tá an lámhscríbhinn geallta dom roimh Nollaig. Mar sin, tá súil againn go mbeidh sé ar fáil faoi 2019, ach amach i 2019.

LV: Bhuel, dúirt mé le triúr cairde go raibh mé le hagallamh a chur ort inniu agus d’iarr an triúr céanna orm fiafraí díot cathain a fhoilseofar an tríú leabhar sin.

DÓS: Cuirtear an cheist orm chuile mhí.

LV: Dea-thuar sin, go mbeadh tóir ar leabhar, ní airím leabhar Gaeilge, nach ea?

DÓS: Ó cinnte. Ach sin an cheist a chuir tú roimhe seo: an bhearna idir an t-úrscéal liteartha agus an t-úrscéal móréilimh. Tá sé sin ann ar bhealach le Liam Mac Cóil. Bíonn sé ag obair ar na húrscéalta liteartha, ach chaith sé am le sraith úrscéalta a chur ar fáil a bheadh idir an dá rud.

LV: Cé nach mbeadh sé sásta é sin a amhdachtáil, b’fhéidir, tá an dá rud sin ann i ‘Sraith na Litreach’, sin An Litir agus I dTír Strainséartha.

DÓS: Tá an dá rud ann. Agus is cinnte nach mar a chéile iad agus úrscéalta eile a scríobhann sé. Is dóigh gur gaire An Litir agus I dTír Strainséartha don scéinséir staire i mBéarla nó i bhFraincis. Ach ní féidir a thíocht uaidh go mba é Liam Mac Cóil a scríobh agus go bhfuil a mheabhair agus a chumas intleachta féin taobh thiar dó.

3

LV: Agus muid ag caint mar sin ar shaothar a bhíonn idir dhá stól, idir stól an leabhair mhóréilimh agus stól an leabhair liteartha, abair, is cosúil gur saothair den chineál sin iad na hathleaganacha a bhíonn sibh a dhéanamh ar an tseanlitríocht, nach ea?

DÓS: Is dóigh gurb ea.

LV: Más é go ndeachaigh th’athleagan féin ar Táin Bó Cuailnge as cló taobh istigh d’achar bliana, déanann díol mór mar sin leabhar móréilimh de, cinnte. Ach fiú sul má cuireadh amach an leabhar sin anuraidh, bhí sé ráite sách minic agat go mba chóir go mbeadh fáil fairsing ar athleaganacha dá leithéid.

DÓS: Bhí a leithéid beartaithe againn ón tús. Más féidir linn dul siar píosa … Nuair a bhunaigh muid an comhlacht i 1994, an chéad leabhar a d’fhoilsigh muid ba é An Dochtúir Áthas é. Ach thuig muid ón tús go mbeadh an dá rud i gceist. Chuir muid romhainn ficsean comhaimseartha a fhoilsiú ach theastaigh uainn na seanchlasaicí a fhoilsiú freisin. Ach an fáth ar thóg sé an fhad sin orainn é sin a dhéanamh nach raibh fonn ar na scríbhneoirí dul i ngleic leis an tseanlitríocht. Bhí i bhfad níos mó fonn ar scríbhneoirí úrscéalta liteartha nó gearrscéalta liteartha a scríobh ná dul siar chuig na seanscéalta.
Rud eile a chuaigh inár n-aghaidh freisin ná gur airigh muid i gcónaí ó Fhoras na Gaeilge agus ó eagraíochtaí mar sin nach raibh bá acusan lena leithéid. Theastaigh uathusan a bheith ‘nua’ agus ‘comhaimseartha’ agus bhí boladh an traidisiúin ar rudaí mar sin. Cinnte, ní bhfaighfeá deontas ón gComhairle Ealaíon le leithéidí Táin Bó Cuailnge a chur i Nua-Ghaeilge. Seans go bhfaigheadh leithéidí Séamus Heaney, nó Thomas Kinsella, nó Ciaran Carson deontas lena dhéanamh i mBéarla ón gcomhairle chéanna. Ach ní bhraithim go dtabharfaidís deontas dúinne leis sin a dhéanamh. Is ardlitríocht é nuair a dhéantar i mBéarla é, ach nuair a dhéantar i nGaeilge é is ábhar difriúil é. Is ábhar ‘traidisiúnta’ é. Mhothaigh muid ariamh ón bhForas go raibh boladh bréan acu ar an traidisiún. Mar sin, níor chabhraigh sé sin linn.
Taobh le m’obair féin, cheap mé go mb’éigean dom féin chorrcheann a dhéanamh chuile dara bliain nó chuile cheithre bliana fiú. Bhí sé d’ádh orainn mar sin gur casadh Diarmuid Johnson orainn agus gur thiontaigh sé ar an obair seo agus Feargal Ó Béarra ó shin. Anois, braitheann muid gur féidir linn tabhairt faoin obair seo go córasach agus ceann nó dhó a fhoilsiú chuile bhliain.

LV: Ar bhealach, tá tionscnamh scéalaíochta ar siúl agaibhse faoi láthair, ní hamháin le foilsiú Táin Bó Cuailnge leatsa, ach le Conaire Mór agus Tuath Dé Danann le Diarmuid Johnson, agus An Tromdhámh le Feargal Ó Béarra atá díreach foilsithe. Roimhe sin freisin, rinne tú féin athleagan ar roinnt scéalta Fiannaíochta: Feis Tigh Chonáin, Bodach an Chóta Lachtna, agus An Ceithearnach Caolriabhach. Cén t-éileamh atá ag an bpobal ar na seanscéalta, meas tú?

DÓS: Éileamh fíormhór. Braithim go bhfuil éileamh fíormhór air seo. Iompraíonn teanga níos mó ná teanga. Iompraíonn sí eolas. Agus an t-eolas atá dá iompar ag an nGaeilge, cuid di, ná na scéalta, an seachas, agus na hamhráin. Go leor foghlaimeoirí Gaeilge, sin an fáth go bhfuil siad ag foghlaim na Gaeilge. Ní mar gheall go dtaitníonn fuaim na Gaeilge leo nó an chaoi a ndeirtear ‘How are you?’ i nGaeilge, ach mar gheall ar an stór: scéalta, agus seanchas, agus chuile shórt atá taobh thiar den Ghaeilge.

LV: Bhuel, nach mbíonn ealaín de shórt i gceist leis na saothair a chuireann sibhse Leabhar Breac amach? Is minic a mholtar foilseacháin Leabhar Breac as feabhas a gcur i láthair. Is é sin, is beag léirmheas nach dtugtar ann moladh eicínt do chuma, leagan amach, dearadh, nó fiú rogha cló bhur leabhar. Nach ealaín sin a gcaitheann sibh dúthracht choinsiasach léi? Caithfidh gurb ea. Dá bhfuil thiar den fhocal féin.

DÓS:  Go díreach. Mar sin, más mó litríocht chomhaimseartha atá dá cur ar fáil dóibh, sílim go mbeidh díomá ar go leor acu. Mar gur mhaith leo dháiríre go mbeidís in ann seantéacsanna a léamh: seantéacsanna a bhfuil eolas acu orthu, ar nós Caoineadh Airt Uí Laoghaire, nó seantéacsanna nach bhfuil eolas acu orthu, ar nós An Tromdhámh le Feargal Ó Béarra.

LV: Mar sin féin, d’admhófá féin nach bhfuil sibh ar thús cadhnaíochta leis an obair seo. Thiomsaigh Tomás Ó Floinn agus Proinsias Mac Anna Scéalaíocht na Ríthe (1956) faoi mar a chuir Pádraig Ó Fiannachta agus Kim McKone Scéalaíocht ár Sinsear (1992) i dtoll a chéile, cuir i gcás. Tomás Ó Floinn féin, rinne seisean cóiriú Nua-Ghaeilge ar Aisling Mhic Con Glinne (1980) agus Toghail na Téibe (1983) freisin, cé gur doiligh go maith teacht ar na saothair sin i siopa leabhar inniu. Le deireanas, rinne Pádraig Ó Cíobháin a chóiriú Cíobhánach féin ar scéalaíocht na MochGhaeilge in Dréachta Chrích Fódla (2007). An bhfuil sé i gceist agaibh athchóiriú a dhéanamh ar na seanscéalta a cóiríodh sna saothair sin cheana?

DÓS: Bhuel, braitheann sé i gcónaí ar na scríbhneoirí freisin. Déanfaidh mise méid áirid. Tá a fhios agam go bhfuil spéis ag Diarmuid agus Feargal tuilleadh a dhéanamh agus tá súil agam go mbeidh daoine eile sásta. Ba mhaith liom go mbeadh na príomhthéacsanna ar fáil. Ní dóigh liom gur féidir an litríocht a fhorbairt mura bhfuil fáil ar an tseanlitríocht. Ní dóigh liom gur slán an nualitríocht, abair, gan bunús na seanlitríochta. Sílim go gcúngaíonn sé nó go dteorannaíonn sé obair an scríbhneora mura bhfuil teacht ar an tseanlitríocht. Mar, cuir i gcás, fiú dá mbeadh na seantéacsanna léite ag an scríbhneoir, ní féidir leis tagairt dóibh go hindíreach nó go díreach mura bhfuil an t-eolas sin freisin ag an léitheoir. Ceann de na rudaí is deise, sílim, sa litríocht in aon teanga ná an cineál comhrá a bhíonn ar siúl idir saothair, an comhrá a bhíonn ag dul siar is aniar ina mbaineann saothar amháin macalla as saothar eile. Baineann na macallaí sin ceol as na cuimhní eile atá sa litríocht. Is rud é sin a chuireann diminsean breise leis an litríocht. Agus mura bhfuil fáil ag an léitheoir, ní airím an scríbhneoir, ar na téacsanna eile ar bhealach eicínt, sin rud nach mbeidh ann, sa nualitríocht go háirid.

LV (agus a theanga siar ina phluic aige): Bhuel, is dóigh mar sin go bhfuil slánú na scéalaíochta ar bun agaibh!

DÓS (ag gáire): Sea, tá chuile rud ar bun againn!

4

LV: De bharr a ndéanann tú ar son do chomhlachta, áfach, agus de bharr a laghad léirmheastóireachta toirtiúla a dhéantar ar an bprós comhaimseartha, airím scaití go ndéantar dearmad gur scríbhneoir thú, gur údar bunsaothar thú. Tá saothar suntasach d’úrscéalta, drámaí, aistriúcháin, leabhra do pháistí, agus athleaganacha ar sheanscéalta curtha díot. Cén meas atá agatsa ar an gcaoi a gcaitear le do shaothar? Abair, ba chúis chlamhsáin ag Alan Titley roinnt blianta ó shin nach dtugtar aitheantas a ndóthain do phrósairí comhaimseartha. Dar le hAlan, ba tusa duine de na húdair siúd a bhí ligthe i bhfaillí ag an aos critice. An cuma leat sin? Nó an bhfuil tú sásta fad is go léitear do shaothar?

DÓS: Is cuma agus ní cuma. Ní maith liom go bhfuil cúrsaí léirmheastóireachta chomh dona sin. Mar a dúirt mé cheana, ní dóigh liom go ndéantar a ndóthain daoine a mhealladh chun léirmheasa. Ní dóigh liom go gcuirtear a ndóthain brú ar scríbhneoirí léirmheas a scríobh, mar is iad na scríbhneoirí atá ag éileamh na léirmheasanna. Níl sé folláin go mbeadh a laghad sin léirmheastóireachta dá déanamh. Níl sé folláin. Thairis sin, tá an dara heagrán de An Cléireach foilsithe. Tá mé an-sásta leis sin agus ní dhearnadh léirmheas ar bith air.

LV: Ghnóthaigh an t-úrscéal sin, An Cléireach (2007), arb é do chéad úrscéal é, duais ollmhór Oireachtais suim bhlianta ó shin. Cuireadh amach úrscéal eile leat Na Comharthaí (2014) le deireanas freisin. Bhíodar éagsúil go maith lena chéile. Tugtar ‘úrscéal stairiúil’ nó ‘úrscéal staire’ fiú ar An Cléireach. Agus táim ag ceapadh le breathnú ort anois díreach nach bhfuil tú sásta leis an lipéid sin.

DÓS (ag meangadh): Ní airím gur ‘úrscéal staire’ An Cléireach. Sílim in amanntaí go gcúngaíonn an téarma ‘úrscéal staire’ úrscéal, mar go dtarraingíonn sé rómhór ar an ‘rómáns’ staire. Ar an láimh eile, tá an oiread sin úrscéalta staire ann a thrasnaíonn an teorann agus atá in ann a bheith ina ngnáthúrscéalta ‘liteartha’.

LV: Meas tú gurb é an dála céanna é le Fontenoy Liam Mhic Cóil? Tugtar ‘úrscéal staire’ air sin freisin.

DÓS: An rud faoi Fontenoy, áfach, bhí sé deacair ormsa ‘úrscéal staire’ a thabhairt air. Feicim mar úrscéal faoin stair é.

LV: Úrscéal staireagrafaíoch, más maith leat.

DÓS. Sea. Tá sé ag labhairt ar pheirspictíocht na staire agus b’fhéidir peirspictíocht na fírinne.

LV: An dóú úrscéal leat Na Comharthaí, cuireadh síos air mar scéal don ‘iar-nua-aois’. Airím féin go bhfuil litríocht an dúchais agus litríocht na hiasachta dá bhfí ina chéile agat ann. Airím lámh láidir litríocht na hEorpa ar an léiriú a thugann tú ar an gcoimhthíos go háirid. An bhfuil dul amú orm sa méid sin?

DÓS: Bhuel, níl cleachtadh agam i ndáiríre ach ar litríocht na Fraince. Níl aon eolas agam ar litríocht na Spáinnise ná ar litríocht na Gearmáinise, ach léim an Fhraincis. Ní léim mórán den litríocht Angla-Éireannach i ndáiríre. Mar sin, dá mbeinn ag léamh i mBéarla, léifinn litríocht Mheiriceá nó litríocht Shasana, b’fhéidir. Mar sin, is dóigh nach léifinn thar theorainn litríocht na Gaeilge, litríocht na Fraincise, agus litríocht Bhéarla Mheiriceá is Shasana. Is mó mo spéis, is dóigh, i scríbhneoirí áirid sa bhFraincis. Tá an-tóir agam ar Michel Houellebecq, Michel Tournier, Daniel Pennac, leithéidí sin. I mBéarla is maith liom leithéidí Don DeLillo agus Norman Mailer. Maidir le scríbhneoirí Shasana, is dóigh gur thaitin Martin Amis liom ar dtús. Ní léifinn anois é i ndáiríre. Sin é dháiríre. Agus mé ag scríobh mé féin amanntaí, téim siar ar sheanleabhra, leabhra a léigh mé cheana seachas ar leabhra nua. Fiú, tá tóir agam anois ar leithéidí Tolstoy. Taobh amuigh den Fhraincis, níl mórán eolais agam ar litríocht na hEorpa.

LV: Maidir le litríocht na Gaeilge de, an bhfuil údar faoi leith a thaitníonn leat thar a chéile?

DÓS: Liam Mac Cóil, ar ndóigh, agus Alan Titley, gan ach beirt a lua.

LV: Beirt atá sách éagsúil lena chéile. Tugaim faoi deara nár luaigh tú Máirtín Ó Cadhain, údar mór agus údar a raibh tionchar mór aige ar an mbeirt úd. Cuirim an cheist mar go bhfuil spéis faoi leith agamsa sa gCadhnach, ní hamháin, ach i meas údar eile ann chomh maith céanna.

DÓS: Bhuel is é an Cadhnach an fathach is dóigh. Is dóigh go raibh cineál scátha roimhe nuair a bhí mé ag tosú amach agus tá sé fós ann. Agus is dóigh ar bhealach freisin go mbeadh diúltú áirid agamsa do scríbhneoireacht na Gaeltacht per se. Is éard atá i gceist agam ná an genre. Úrscéal Gaeltachta nó gearrscéal Gaeltachta atá sách teoranta mar genre, sílim.

Máirtín Ó Cadhain

LV: An é go gcuireann an lipéid féin teorainn léi?

DÓS: Yeah. Chuirfinn ar an gcaoi seo é. Dá bhfoilseofaí amáireach úrscéal suite, abair, i léigear na Traoi, nó fiú i léigear Aleppo sa Syria, agus dá mba i nGaeilge a bhí an t-úrscéal sin, ba dheacair scríbhneoir Gaeilge a shamhlú a scríobhfadh é. Agus fiú dá scríobhfaí a leithéid sin i nGaeilge, is cinnte gur ar an taobh istigh a bheadh an scríbhneoir Gaeilge. An carachtar a bheadh aige, ba dhuine eicínt é a bheadh i bhfastó agus clocha agus brící ag titim anuas air. Ní fhéadfá é a shamhlú i measc na mbuaiteoirí ar an taobh amuigh. Agus muid ag caint ar genre Gaeltachta go háirid, ní féidir liom an scríbhneoir a shamhlú i measc na mbuaiteoirí. Tá spéis ar leith agam sa gcumhacht, i litríocht na cumhachta agus ag breathnú ar chúrsaí cumhachta. Cheapfá go mba é an mhalairt a bheadh i gceist le litríocht na Gaeltachta, ina bhfuil spéis sa té atá imeallach; an té atá buailte; an té a bhfuil cos ar bholg air; nó an té atá ag caint ar phaidir ina dhiaidh.

LV: B’fhéidir gurb in é an fáth a dtaitníonn Alan Titley leat chomh mór sin.

DÓS: Shamhlóinn Titley, ceart go leor, i measc na mbuaiteoirí. Tá sé go hiomlán compordach leis sin. Shamhlóinn é ar an taobh istigh nó ar an taobh amuigh de bhallaí Aleppo, abair.
 
LV: Sea ní chuireann Alan srian lena theanga ná lena shamhlaíocht.

Alan Titley, scríbhneoir.


 
DÓS: Dúirt sé féin liomsa uair amháin nuair a bhí mé ag spochadh as go raibh úrscéal filíochta scríofa aige – go háirid nuair a bhí sé ag déanamh ionsaí ar na filí fadó – dúirt sé gur féidir an scríbhneoir aon rud a dhéanamh.

LV: Bhuel is dóigh gur cúis mhór chlamhsáin dá chuid go gcuirfí teorainn leis an scríbhneoir ná leis an scríbhneoireacht. I ndeireadh na mbeart, dar leis gur cuma más filíocht, drámaíocht, úrscéalaíocht, ná scoláireacht atá i gceist, is scríbhneoireacht iad uilig sa deireadh. Ar an gcaoi sin, is ionann scríbhneoireacht agus saoirse, dar leis.
 
DÓS: Go díreach é. Is cur i gcéill é ar fad focla ar pháipéar.

LV: Nach tráthúil sin mar fhocal scoir? Go raibh maith agat, a Dharach.

DÓS: Fáilte romhat, a Lee. Go raibh maith agat féin.