Oíche Shathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, cuireann an t-amhránaí, ceoltóir agus láithreoir, Muireann Nic Amhlaoibh a rogha ceoil idir traidisiúnta agus comhaimseartha i láthair a lucht éisteachta. Seo blaiseadh do chlár na seachtaine seo.

Is cumadóir é Manu Delago agus seinnean sé an hang, nó an pana láimhe, saghas druma stáin gur féidir leat nótaí a bhaint as, Parasol Peak is ainm don dtionscanamh seo agus thug sé seachtar ceoltóir eile ar thuras suas na hAlpa, is as an dúthaigh san dó fhein,  agus dheineadar taifead ar na píosaí ceoil a chum sé beo lasmuigh fén aer thuas ar na sléibhte. Tá scannán dó le feiscint thíos.

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Ar shlí chuirfeadh sé Camino na Sáile i gcuimhne dhuit, idir oilireacht agus dúshlán, nádúr agus ealaín. Ach chaitheas gáirí mar, an cumadóir féin, is na drumaí a bhi á sheimint aige ach tá trua agam dos na fliútadóirí is trumpadóirí atá leis mar is maith is cuimhin liom seimint ins na Rockies agus conas mar a théann an teaspa aer i bhfeidhm ar an seimint, Ní haon joke é.

Beidh agallamh as ceol beo agam leis an cumadóir agus amhránaí ó Chorcaigh Jack O’Rourke a sheinn le déanaí ag Other Voices sa Daingean. Tá sé deacair stíl Jack a chur i mbosca, is ceoltóir ilghnéitheach, ildánach é. Seo blaiseadh dá chuid ceoil.

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Agus beidh cúpla rian á sheimint agam ó albam nua an Cláiríneach Josphine Marsh. Music in the Frame is ainm don albam agus tá idir cheol traidisiúnta agus nua-chumtha air á sheimint ag  Josephine ar an mbosca ceoil. agus ana chuid dá clann mar aoieanna speisialta, ina measc a leanaí agus a nia. Seo an chéad albam eisithe ag Josephine le 20 bliain agus is iontach an rud é go bhfuil sí ag taifead arís.

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Craoltar Malairt Poirt le Muireann oíche Shathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 7 agus 9.