Labhair muid le Rónán Mac Aodha Bhuí faoin bhuaicphointí na bliana agus faoina bhfuil roimhe sa bhliain úr.
An ndeachaigh Bliain na Gaeilge i bhfeidhm ort?
Cha deachaigh sé i bhfeidhm orm ar dhóigh ar bith.
Déan cur síos ar an mbliain i dtrí fhocal:
Ceolmhar, Casta & Pleisiúrtha.
Cén buaicphointe craoltóireachta a bhí ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, i do thuairim?
Tráchtaireacht ar chluiche ceannais Uladh idir Gaoth Dobhair agus An Bhoth le Damien Ó Dónaill.
Cad leis a bhfuil tú ag súil ón mbliain atá romhainn?
Féile na Gealaí, Womad, All Together Now, Puball Gaeilge ag Picnic, ceolchoirmeacha go leor, ceirníní úra, daoine deasa,
Sláinte maith, Bia blasta agus tuilleadh iontaisí i gcuideachta mo chara is fearr go deo, an máistín is fearr liom, Fionnuala.
Craoltar Rónán Beo Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.