skip to main content

Malairt Poirt le Muireann: Súil Siar ar Cheol Gaelach

Ar Malairt Poirt le Muireann na seachtaine seo, beimid ag éisteacht siar le cuid de na heisiúintí a tháinig amach i gcaitheamh na bliana, beidh béim ar an gceol Gaelach sa chlár seo, agus is mor dó atá ann agus de chaighdeán fíor ard.

Ní bheidh mé in ann gach rud a sheinnt ach tabharfad rogha daoibh de cheol na bliana.

Seo dearthair agus deirfiúr ó Lurgan darbh ainm dóibh Barry agus Laura Kerr a d’eisigh albam álainn i rith na bliana dár teideal "Castor Bay".

Tá rian ón albam le clos anso.

Beidh an rian ón albam Allt á sheimint agam, seo togra nua idir Julie Fowlis na hAlban is a fear céile Éamon Doorley leis an veidhleadóir as contae Lú Zoe Conway is a fear céile John McIntyre. Tá dántá Gaolainne agus Gaidhlig curtha go foinn nua acu, plean iontach atá fior-éifeachtach. Seo dán Mháirtín Uí Dhireáín Faoiseamh a Gheobhadsa á chanadh sa bhfíseán seo ag Zoe agus John.

Táim díreach tar éis albam nua a chlos an tseachtain seo ó bheirt ceoltóir óg Benne and Cormac nó Benedict Morris & Cormac Crummey. Is as Béal Feirste agus Glaschú doibh agus tá albam nua eisithe acu, Wavelength. Déanaim amach go mbeidh níos mó á chlos againn ó mbeirt seo sa bhliain nua.

 

Craoltar Malairt Poirt le Muireann idir 7 agus 9 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.