skip to main content

Brothall, Breatimeacht, Iomáint: 2018 dar le Máirín Ní Ghadhra

Máirín Ní Ghadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Máirín Ní Ghadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Caitheann láithreoir An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta súil siar ar an mbliain atá caite agus a bhfuil romhainn sa bhliain úr.

An ndeachaigh Bliain na Gaeilge i bhfeidhm ort? 

Ní dheachaigh dáiríre. Tá ‘chuile bhliain ina bliain na Gaeilge agamsa. Faraor, ní maith liom go leor den "tokenism" a bhaineann lena leithéid. Is tábhachtaí domsa go mbeadh ómós don teanga agus lucht a labhartha seachas bheith ag mealladh na míllte le cúpla focal a labhairt. 

Déan cur síos ar an mbliain i dtrí fhocal:

Brothall, Breatimeacht, Iomáint

Cén buaicphointe craoltóireachta a bhí ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, i do thuairim? 

Bhí go leor scéalta móra i rith na bliana ( an t-agallamh iontach a rinne Helen Ní Shé le Emma Mhic Mhathúna, beannacht Dé lei ) ach ní féidir sárú ar an árdú croí agus meanma a bhain le busanna Ghaoth Dobhair agus an Spidéil i gcraobhacha Uladh agus Chonnachta sa bpeil.

An raibh scéal nuachta ar bith a sheas amach duit le linn na bliana?

Scanall an Cervical Check agus an léargas  a thug sé ar mhí éifeacht agus faillí an chórais sláinte i leith na mban (arís).

Feachtas faoi chonspóid an Cervical Check

Maidir leis na scéalta ar fad a tháinig amach faoi chothromaíocht inscne, an dóigh leat gur éirigh linn dul chun cinn a dhéanamh?

Ní dóigh, dáiríre. Tá an cás dá thabhairt i dtreo áiféiseach ag leibhéal amháin m.sh. liricí amhráin. agus gan áird ar bith dá thabhairt ar na buncheisteanna a bhaineann le ualaigh oibre, &rl

Cad leis a bhfuil tú ag súil ón mbliain atá romhainn?

Olltoghchán; is breá liom iad. An cheist ná an in Éirinn nó sa mBreatain a bheidh sé. Nó sa dá áit!

Craoltar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra 09:30- 11:00 Dé Domhnaigh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.