D'iarr muid ar Helen Ní Shé, Pearsa Raidió na Bliana agus láithreoir An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta cur síos a dhéanamh ar an mbliain a caitheadh.
An ndeachaigh Bliain na Gaeilge i bhfeidhm ort?
Bhraitheas breis fuinnimh i measc an phobail agus imeachtaí breise ar bun ar fuaid na tíre.
Déan cur síos ar an mbliain i dtrí fhocal:
Sneachta. Brón. Ceol.
Cén buaicphointe craoltóireachta a bhí ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, i do thuairim?
Mairfidh guth Emma Mhic Mhathúna im cheann go deo. Gaeilgeoir ón Ard Chathair a tháinigh le na cúigear clainne anseo go Baile na ngall. Scéal truamhéileach inste go misniúil aici. Bean chróga a throid ar son a clainne.

Cad leis a bhfuil tú ag súil ón mbliain atá romhainn?
Leannúint orm ag baint taithneamh as mo chuid oibre.
Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 13.00 Luan go hAoine.