Ar eagrán speisialta de chuid Mhalairt le Muireann, cloisfimid ceol agus amhrán na Nollag ón tír seo agus níos faide i gcéin!
Beidh ceol Nollag na tíre seo agus thar sáile á sheimint agam agus táim ar bís go gcloisfidh sibh na rianta áille atá roghnaithe agam daoibh. Is breá liom ceol Nollag ach is beag seans dom é a chanadh nó a sheimint!
Seo blaiseadh beag den méid a bheidh againn.
Seo Cór Fear na nDéise, agus tá albam nua eisithe acu d’amhráintí Nollag. Tá traidisiún láidir amhránaíochta thoir sna Déise acu agus tá sé le clos go láidir in amhránaíocht álainn an ghrúpa seo. Seo Carúl Loch Garman, amhrán a théann siar chomh fada leis an tarna haois déag.
Ar thóir amhráin ó Ghaeltachtaí eile, thá na ar an leagan álainn seo de dhán an fhile Máire Mac an tSaoi "Oíche Nollag".Tá fonn difriúil againne ó dheas ach is aoibhinn liom é seo chomh maith. Seo Róisín Elsafty ó Chonamara agus Rónan Browne i dteannta Tony Maher ó albam a d’eisíodar d’amhráin Nollag i 2016.
Agus mar a dúirt, beidh amhráin ó thíortha eile. Seo amhráin ón Fhrainc, Noel Nouvelet nó Canaimis fén Nollaig ach é á chanadh ag an ngrúpa Éireannach Anúna.
Bí liom chun a thuilleadh de cheol na Nollag a chlos, Dé Sathairn ar RnaG óna 7-9pm ar Mhalairt Poirt le Muireann.