skip to main content

Draoi craoltóireachta&agallaimh ghoilliúnacha: 2018 dar le Cormac

Cormac Ó hEadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Cormac Ó hEadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Féachann Cormac Ó hEadhra, láithreoir Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta siar ar an mbliain a caitheadh, idir Breatimeacht, rás na hUachtaránachta agus an reifreann ar an ochtú leasú.

An ndeachaigh Bliain na Gaeilge i bhfeidhm ort? 

Chuaigh, ach ócáidí agus feachtais áirithe níos mó ná cinn eile. Bhí sé go maith go raibh sé ann mar théama feadh na bliana ag ócáidí foirmeálta agus ag feachtais sráide. Ach céard a tharlóidh i 2019?!!

Déan cur síos ar an mbliain i dtrí fhocal:

Fuar. Te. Fliuch.

Cén buaicphointe craoltóireachta a bhí ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, i do thuairim? 

Roghóidh mé péire.

Rónán Mac Aodha Bhuí ag dul fíáin ag a oll-chraoladh Oireachtais. Draoi craoltóireachta, fear ócáide agus sílim go mbíonn Gaeil in Éirinn is i gcéin ag fanacht leis an seó a chuireann sé ar fáil ag Féile na Samhna go bliantúil anois.

We need your consent to load this Facebook contentWe use Facebook to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Agus níl a fhios agam an dtabharfá buaicphointe air, ach bhí an t-agallamh a rinne Helen Ní Shé le hEmma Mhic Mhathúna tábhachtach, téagartha. Bhain macántacht agus ionraiceas Emma geit asam. Agus ba mhór ar fad cineáltas agus áilleacht Helen mar agallamhóir i gcomhrá chomh goilliúnach, dian.

An raibh scéal nuachta ar bith a sheas amach duit le linn na bliana?

Mar a luaigh mé thuas, scéal Cervical Check. Bhí sé agus tá sé uafásach ar fad. Chuirfinn easpa dul chun cinn sa ghéarchéim tithíochta leis sin. Agus níl a fhios agam an gáire nó caoineadh is fearr don Bhreatimeacht, ach ní gá airgead a chaitheamh ar panto ar bith i mbliana….d’fhéadfá rá le páistí na tíre breathnú ar www.parliamentlive.tv (suíomh an ‘House of Commons’)

Cad a d'fhoghlaim tú ó rás na hUachtaránachta i mbliana?

Gur fearr le pobal na hÉireann Uachtarán le stádas agus cuma stáit ach go bhfuil riar suntasach den phobal atá ag fulaingt nó ag streachailt ó lá go lá, go bhfuil an scoilt idir BÁC agus ‘na réigiúin’ ag méadú agus go mothaíonn siad nach bhfuil ardlathas na tíre ag éisteacht leo.

Cad leis a bhfuil tú ag súil ón mbliain atá romhainn?

Tá súil agam freagra na ceiste seo a fháil: céard is ciall le ‘Brexit means Brexit’!

Craoltar Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 1.00 agus 2.00 ón Luan go hAoine.