Labhair muid le craoltóirí RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi Bhliain na Gaeilge, buaicphointí an stáisiúin agus scéalta a sheas amach dóibh.
An ndeachaigh Bliain na Gaeilge i bhfeidhm ort?
Chuaigh gnéithe den bhliain i bhfeidhm orm go mór : Beo Gaelach agus Bródúil i mBaile Átha Cliath agus imeacht Banter a reachtáladh sna Liquor Rooms san Earrach,na físeáin a rinne Molscéal ag lorg smaointí faoi Bhliain na Gaeilge agus ócáid cheiliúrtha na Gaeilge in Áras an Uachtaráin. Sílim go raibh imeachtaí na bliana feiceálach ó thaobh na meáin shóisialta de, go háirithe daofa siúd ar bheagán Gaeilge.
Déan cur síos ar an mbliain i dtrí fhocal: Tacaíocht don teanga!!
Cén buaicphointe craoltóireachta a bhí ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, i do thuairim?
Domh féin go háitiúil, tráchtaireacht Damien Uí Dhónaill ar chluiche ceannais Chraobh Uladh le bua Ghaoth Dobhair. Go náisiúnta, na hagallaimh a rinne Helen Ní Shé le Emma Mhic Mhathúna.

An raibh scéal nuachta ar bith a sheas amach duit le linn na bliana?
Scéalta an mBan: Scéal Cervical Check agus Reifreann faoin 8ú Leasú: cúrsaí na mban agus glor na mban a bheith lárnach san nuacht agus plé oscailte agus ionraice a bheith againn mar thír faoi shláinte na mban agus faoi ábhar nar tráchtadh orthu mórán roimhe seo .
Cad leis a bhfuil tú ag súil ón mbliain atá romhainn?
Sláinte agus sonas do mo chlann cairde agus comhghleacaithe, deiseanna Beo ar Éigeán a fhorbairt agus a thabhairt ar chúpla turas, neart scéalta móra nuachta sna Doirí Beaga agus bheith i láthair ag cúpla toghchán agus Féile na Gealaí 2019.