An tseachtain seo caite ar chlár Mhuireann, Malairt Poirt le Muireann, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta bhí réimse álainn, éagsúil ceoil, amhrán agus cainte aici dá lucht éisteachta.
Chas Muireann rianta ó albam nua Gerry Fiddle O' Connor, Last Night's Joy chomh maith le Mná an Oileáin, Áine Uí Laoithe agus Eileen Ní Chearna.

Craoltar Malairt Poirt le Muireann idir 7 agus 9 oíche Shathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.