Gach seachtain, tugann an t-amhránaí, ceoltóir agus láithreoir Muireann Nic Amhlaoibh réamhbhlaiseadh dá clár dúinn. Dé Sathairn seo, tá ceol aici ó amhránaithe na Ríochta agus ceol úr ó Gerry 'Fiddle' O' Connor. 

An tseachtain seo ar Malairt Poirt le Muireann tá ana áthas orm agallamh a chuir ar bheirt laoch liom – sin iad na hamhránaithe áitiúla Áine Chaist Uí Laoithe agus Eilín Ní Chearna.

Labhair siad liom féna muintir a tháinig ón mBlascaod Mór agus conas mar a thosnaíodar ag canadh. Bhaineas ana shásamh as a gcomhluadar. Seo blaiseadh daoibh de Mhná an Oileáin agus iad ag canadh ar an Nuacht le linn an Oireachtais!

Bhí cuairteoir agam i rith na seachtaine, b’shin Ross Martin, an seinnteoir giotáir leis an ngrúpa Albanach Dáimh, a bhain amach an Gradam don ngrúpa is fearr ag Gradaim Ceoil Traidisiúnta na hAlban cúpla seachtain ó shoin. Thug sé an t-albam nua The Roughbounds dom agus is breá liom é. Idir cheol agus amhráin, tá eagúlacht iontach air, agus is breá liom na píopaí móra. Is grúpa iontach beo iad chomh maith. Féach thíos:

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Beidh cúpla rian agam chomh maith ó albam nua veidhleadóir Chontae Lú Gerry "fiddle" O’Connor "Last Night’s Joy". Is iontach an taifead é le béim ar chlann agus cairdeas. Tá nótaí iontacha ag Gerry ag miniú cad na thaobh gur phioc sé gach rian agus tá clann leis mar aoíanna air, ina measc Dónal, Feilimí agus Finnian maraon le O’Connors eile Máirtín O’Connor agus Gerry "banjo" O’Connor. Seo cuid de Muintir Uí Chonchúir ag seimint ar an gclár Geantraí ó 2000.

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Craoltar Malairt Poirt le Muireann idir 7 agus 9 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gach Satharn.