skip to main content

Gearóid Mac Donncha, Ceannaire Nua-Cheapaithe, RTÉ RnaG

Labhair Gearóid Mac Donncha, ceannaire nua-cheapaithe ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le Gormfhlaith Ní Thuairisc ar Admhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá Mac Donncha ag feidhmiú mar Cheannaire le beagnach bliain go leith agus dúirt sé le Gormfhlaith nach sa difear idir an dá ról ach nach bhfuil an focal 'gníomhach'. Deir sé go raibh sé roimhe 'i gcónaí mo dhícheall a dhéanamh in san jab'.

Ar na nithe a luaigh sé atá ar a liosta tosaíochta mar Cheannaire, tá 'an ráidió á láidriú', luaigh sé go sonrach go bhfuil caidreamh maith ag an stáisiún leis an bpobal a láidriú, tuilleadh. D'admhaigh Mac Donncha go bhfuil bearnaí sa sceideal ar mhaith leis aghaidh a thabhairt orthu; drámaíocht, cláracha do dhaoine óga agus cláracha faisnéise, ina measc.

'Tá go leor, leor rudaí maithe ag tarlú go laethúil agus go seachtainiúil ar RTÉ Raidió na Gaelachta'

Ceannáras RnaG, Casla.

Maidir le dúshláin an raidió san am i láthair, deir Gearóid go bhfuil deacrachtaí maoinithe ag an stáisiún nach sárófar go dtí go dtiocfaidh RTÉ trí chéile ar réiteach airgeadais. 

'is iad na polaiteoirí a chaitheas aghaidh a thabhairt air sin'

Deir sé freisin go gcaithfidh an stáisiún aghaidh a thabhairt ar na bealaí agus na nósanna nua éisteachta atá ag an bpobal chun cur le seirbhís an stáisiúin.

Craoltar Adhmhaidin óna 8 go dtí 9 ón Luan go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.