skip to main content

Peig agus Scéalaíocht na mBan

Amárach, san Acadamh Ríoga san Ardchathair, seasca bliain tar éis bhás an scéalaí cháiliúil Peig Sayers, déanfar a hoidhreacht mar bhanscéalaí a phlé i gcomhthéacs scéalaíocht thraidisiúnta na mban i gcoitinne.

Beidh taispeántas a bheidh dírithe ar bhanscéalaithe agus ar an bpróiseas bailithe féin mar chuid den chomhdháil, a chríochnóidh le seisiún scéalaíochta leis an scéalaí iomráiteach Eithne Ní Ghallchobhair.

I measc na bpáipéar a thabharfar ann, beidh:

Eilís Ní Dhuibhne (scríbhneoir agus béaloideasóir): ‘Peig, Mícheál agus Bo’

Pádraig Ó Héalaí (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh): ‘Peig agus Leigheas na Muintire’

Máiréad Ní Loingsigh (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh): 'Léiriú na hÓige sa Scéalaíocht: cuntais dírbheathaisnéise Pheig Sayers agus saothar Eibhlín Ní Shúilleabháin'

Lillis Ó Laoire (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh): 'Aicme agus Coimhlint sa scéal "Tomáisín Rua agus Mairéad Ní Bhriain" in Machtnamh Seanamhná (1939)'

Ailbhe Nic Giolla Chomhaill (Ollscoil Luimnigh): 'Comhaoiseach Conallach Pheig: spléachadh ar scéalta béaloidis Shorcha Chonaill Uí Ghrianna as Rann na Feirste, Co. Thír Chonaill'

Tá gach eolas faoi ócáid anseo