Gach seachtain, tugann Muireann Nic Amhlaoibh spléachadh dúinn dá clár, Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Dé Sathairn beag seo beidh seisiún beo agam leis an t-amhránaí, giotairí agus cumadóir Síomha as Contae an Chláir. Beidh sí ag caint féna fheachtas Kickstarter, mar gheall ar an gceol a bhí mór-thimpeall uirthi agus í ag éirí aníos maraon leis an gceol a chuaigh i bhfeidhm uirthi ó shoin. Cloisimid cúpla rian den gceol sin agus beidh cúpla amhrán ceo againn ó Shíomha féín. Chomh maith le sin, beidh sí ag insint dúinn fén fhíseán thíos a dheineadar beo sa Bhoireann.

Táim ar bís a rá libh go mbeidh albam nua an seinnteoir giotáir Steve Cooney á sheimint agam ar an gclár. Seo an "premiere" dó a bheith ar an raidio agus is pribléid é dom an chéad éisteacht a fháil. Ceol Ársa Cláirsí is ainm dó agus sin go díreach atá ann - seana fhoinn a sheinntear de ghnáth ar an gcruit nó ar an gcláirseach ach iad an sheimint go slachtmhar anso aige Steve.

Tá níos mó taithí againn a bheith ag éisteacht le steve ag tabhairt tionnlacanas fiunniúl, cruthathach do leithéidí Séamus Begley agus Dermot Byrne, agus gan dabht tá se aitheanta mar léiritheoir ceoil chomh maith tar éis léiríu a dhéanamh do leithéidí Mary Black agus Altan. Mar sin, is annamh a chloisimid leis fhéin é mar seo, is féidir éisteacht leis a scil is an mothúcháin atá ina chuid ceoil. Thaifead sé an t-albam seo i studio Mhic an Daill le Donogh Hennessy i mBaile an Ghóilín, agus mar a tharlaíonn sé ba ansan a mhair morán cruituirí dalla fadó le linn ama Pharais Feirtéir sa seachtú aois déag. Nach ait mar a thit san amach!

Agus beidh ardú chroí againn ós na deirféireacha Uí Fhrighil as Glaschú, ach as Dún na nGall a sinsear. Is maith iad chun gliondair agus áthais a chur ar dhaoine, tá sonas ina gcuid ceoil.

É sin, agus morán eile, ar Malairt Poirt le Muireann, Dé Sathairn ar Raidió na Gaeltachta óna 7-9pm