Go speisialta don RTÉ Big Picture ar Dhomhan na mBan, labhair foireann Nuachta RTÉ le mná faoina ról sa phobal. Cuireann Brenda Ní Shúilleabháin comhairle ar a gariníon dá todhchaí bunaithe ar a taithí féin.
"Ní thiocfaidh aon lá thar nais chugat an tarna babhta, mar sin sú gach aon bhraon súip as gach aon lá dod' shaol. Fiú amháin, na drochlaethanta, beidh siad sin ann, aithin iad, sin é an saol"
"Cuir do dhá chois i dtalamh- bí múiníneach, comhoibritheach, gealgháireach. Ná satail ar éinne agus ná satalaíodh aon duine ort"
Is féachaint siar ar an gclár faisnéise a craoladh ar an ábhar ar RTÉ One anseo