Labhair Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire le Gormfhlaith Ní Thuairisg ar Adhmhaidin, RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi thuarascáil EBU a cháin plean Gaeilge RTÉ.
Foilsíodh tuarascáil de chuid an EBU (Aontas Craoltóireachta na hEorpa) a dúirt go raibh an plean atá i bhfeidhm in RTÉ róchostasach, luadh ann freisin nach raibh sé cinnte an raibh an plean do na meáin Ghaeilge inmharthana, an iomarca i gceist agus go raibh an plean ag dul chuile threo.
Dúirt Mac Con Iomaire go raibh sé den tuairim go raibh 'buntuiscintí faoi chúrsaí craoltóireachta agus faoi chúrsaí teanga in Éirinn fágtha ar lár agus nach bhfuil tugtha san áireamh sa tuarascáil'. Deir Mac Con Iomaire gur tháinig rannóg na gcláracha Gaeilge slán i gcomparáid le rannóga eile in RTÉ ó chiorruithe ach gur tharla sin trí 'úsáid a bhaint as na hacmhainní atá ann nó foinsí airgid ón taobh amuigh'.

Luaigh Rónán gurb í an fhís atá ag an bplean ná 'go mbeadh an Ghaeilge fite fuaite i ngach a dhéanann RTÉ' agus nach raibh sin ann sular leagadh amach an plean seo in 2015. Roimhe sin, dúirt sé 'gur bhain an Ghaeilge in RTÉ le boscaí nó le campaí faoi leith' ach anois 'go dtugtar an Ghaeilge san áireamh'.
Deir Rónán go bhfuil 'méadú tagtha ar an méid ábhar atá RTÉ á chraoladh i nGaeilge, go príomha, mar gheall níl ach méadú beag tagtha ar an méid atá muid á soláthar go hinmheánach. Tá formhór an ábhair ag tabhairt isteach, comhpháirtíochtaí leis an BAI leis an ILBF nó le BBC Alba agus muid ag obair le chéile.'
D'admhaigh an Grúpcheannasaí go raibh 'easnamh mór' maidir le cláracha Gaeilge ar mhacasamhail RTÉ One agus RTÉ Junior ach go háirithe ach go raibh coimitmint tugtha ag an bhfeidhmeannas chun é sin a réiteach ach tá sin ag brath ar 'breis airgid ag teacht isteach san eagraíocht'.
Craoltar Adhmhaidin idir 8 agus 9 Luan-Aoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.