Gach seachtain, tugann an t-amhránaí, ceoltóir agus láithreoir, Muireann Nic Amhlaoibh réamhbhlaiseadh dúinn dá clár, Malairt Poirt le Muireann a chraoltar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta oíche Shathain idir 7 agus 9.
Ar chlár Malairt Poirt na seachtaine seo tá áthas orm mo chara ceoil Méabh Ní Bheaglaoích ó Bhaile na bPoc a bheith sa studio agam. Beidh sí ag seimint is ag canadh le tionnlacan ó Matt Griffin. Anuas ar sin, beimid ag caint fén gceol eile a thaitníonn léi agus fén seó Aisling len bhfuil sí páirteach.
Seo blaiseadh den Bhanríon Méabh ar an mbosca ceoil!
Anuas ar sin beimid ag éisteacht le ceol ón ngrúpa Skara Brae. ón ngrúpa Skara Brae, grúpa ana thábhachtach a tháinig Ceanannas i gContae na Mí, Éire, is ea Skara Brae. Thosaigh Clann Uí Dhomhnaill ag seinm uirlisí ceoil nuair a bhí siad ana-óg agus iad ag fás aníos i gCo. na Mí. Cé gur chónaí siad ansin le linn a hóige, ba as Rann na Feirste, Contae Dhún na nGall tuismitheoirí s'acu agus d'fhoghlaim siad a lán amhrán Conallach uatha. Agus ansin a chas siad le ar Dáithí Sproule, mac léinn óg as Doire.
Thaifead siad an chéad cheirnín Skara Brae sa bhliain 1971, agus go dtí an lae inniu ann, molaítear é mar cheann dena ceirníní traidisiúnta is tábhachtaí a rinneadh ariamh. Chuir siad tionlacáin agus an giotár le sean-amhráin, rud nár rinneadh choíche roimhe sin agus bhíodar ana chruthach le armóin chomh maith.
Beidh ceol nua chumtha againn chomh maith ó Úna Monaghan ó Bhéal Feirste. Cruitire, ceoltóir leictreonach, cumadóir, innealtóir fuaime, agus fisiceoir, í Úna i measc rudaí eile. Bean chliste chumasach ealaíonta. D’eisigh sí albam aonarach i mbliana, For, agus gach phíosa ar an albam san cumtha in omós do dhaoine difriúla.
É sin, agus mórán eile ar Malairt Poirt, Dé Sathairn beag seo, óna 7-9pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta