Chuaigh an scríbhneoir, Ciara Ní É go hamharclann na Mainistreach le leagan drámatúil den leabhar, Asking For It. Labhair sí le Tristan Rosenstock ar Phléscéal ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin léiriú cumhachtach.
Léiriú de chuid Mhéadhbh Mc Hugh is ea an dráma seo, bunaithe ar leabhar leis an údar Chorcaíoch, Louise O' Neill. Deir Ciara go ndeachaigh an scéal go mór i bhfeidhm uirthi agus ar an lucht féachana, níos mó ná mar a chuaigh drámaí eile. Tuairiscíonn Ní Éanacháin go bhfuil an dráma tráthúil mar go bhfuil léirithe ag mná go bhfuiltear ag iarraidh 'seilbh a ghlacadh ar a gcoirp féin' le roinnt blianta anuas.
Deir Ciara go bhfreastlaíonn sí ar an amharclann níos mó ná an gnáthdhuine ach tá ticéid ceannaithe ag mo chairde ar fad agus ní gnáthrud é do léiriú ar bith, rud a thugann le fios go bhfuil an pobal i gcoitinne spreagtha ag an ábhar.

Ag caint ar aiseolas an lucht éisteacht in Amharclann na Mainistreach, deir Ciara go raibh sé an-soiléir go raibh an slua corraithe ag an scéal agus an-chuid acu ag caoineadh sna leithris ina dhiaidh.
Conas a mhothaigh Ciara le linn an dráma? Bhuel, deir sí go raibh sí nach mór ag iarraidh rud éigin a chaitheamh ar an stáitse ag pointe amháin.
Craoltar Pléscéal ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 17.00 - 17:55 Luan go hAoine