skip to main content

Oireachtas na Samhna: Aimsiú Aislinge agus draíocht eile!

Pádhraic Ó Ciardha- íomhá le Seán Ó Mainnín
Pádhraic Ó Ciardha- íomhá le Seán Ó Mainnín

Wowowow bhain mé an-sult go deo as Oireachtas na Samhna. Bhí mé ann ar feadh ceithre lá agus oíche agus táim beo (ar éigean) i gcónaí!

Cairde, comhráite, scéalta, barróga, deochanna, na mílte nóiméad beag - ní fhéadfainn eispéireas an Oireachtais a aistriú go focail, ach le hiarracht éigin a dhéanamh air, seo buaicphointí na seachtaine domsa.

(Na rudaí gur féidir liom scríobh futhu ar aon nós! Hup!)

Na Gradaim Chumarsáide

Ciara faoi agallamh ag na Gradaim Chumarsáide

Bhí áthas an domhain orm gradam a thabhairt liom d'Fheachtas Meán Sóisialta na Bliana, don bhfeachtas #NílSéCGL.

Rinne mé óráid fíor-ghairid, a gabháil buíochas do gach duine atá páirteach i nGaelphobal an idirlín. Mo ghraidhin sibh!

Comhghairdeas le gach duine eile a thug gradam leo, go háirithe Pádhraic Ó Ciardha a bhronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais air.

Sa nasc thuas tosaíonn óráid spreagúil Phádhraic a thosaíonn timpeall ar uair agus naoi nóiméad déag. Chríochnaigh sé leis an ráiteas seo a leanas, mar chomhairle d’aon duine atá ag tosú amach sa saol.

Fear deisbhéalach é i gcónaí agus is fiú go mór an píosa a scríobh amach:

"Aimsigh d’Aisling, bíodh sí soiléir i do chroí, agus nuair a bheas, téir sa tóir uirthi nó go mbaineann tú amach í. Tá an saol lán de lucht aimhreais, cynics, daoine a bheas ag iarraidh bheith diúltach leat. Ná bac leo. Ná cuirfidís lagmhisneach ná múisiam ort, ach a mhalairt. Bí dearfach. Creid sa rud atá uait. Téigh i bpáirt le daoine eile a chreideann an rud céanna, agus thar aon rud eile, lean mian do chroí.

Anois, nach mór an spreagadh é sin!

Na Craoltaí Beo

Labhair mé le Siún Nic Gearailt beo ar an Nuacht, tá an clip ar fáil ar Facebook anseo. Bíonn sé ar fheabhas i gcónaí bheith ar chúl an cheamra agus craoladh beo ar siúl, leis an bhfoireann ar fad a fheiceáil as lámha a chéile.

Ciara faoi agallamh ag Siún Nic Gearailt don Nuacht.

Go hiondúil bíonn sé de bhuntáiste ag an raidió nach bhfeictear thú, ach nuair a leandáil mé maidin Dé Sathairn do Sheó Beo an Oireachtais, bhí fístaifeadadh ar siúl acu freisin!

An-chlár a bhí ann a thug leigheas na póite domsa! Bhí caint, rince, ceol, amhránaíocht, filíocht, agus eile acu, chomh maith le hispíní Micilín Muc á bhfriochadh sa chúinne! !  Is féidir féachaint air anseo.

Na Lúibíní

Níor thuigeas riamh tuige  bhí "brackets" mar theideal ar an gcomórtas seo, ach d’fhoghlaim mé i mbliana go gciallaíonn sé "ditty" freisin.

Na deirfiúracha Caoileann Ní Dhonnchadha agus Deirdre Ní Dhonnchadha a thug leo an chéad áit sa chomórtas, agus é tuillte acu! Bhí siad go hiontach! Tá píosa na mban le feiceáil thíos.

Sheol mé físeán beag de Sheán Ó Gráinne and Traolach Ó Conghaile gléasta suas mar Michael D agus Donald Trump chuig mo theaghlach. Sampla breá de chomórtais an Oireachtas a chabhródh leo cúrsaí a thuiscint beagáinín, ach ceapaim gur fhág an blaiseadh sin iad le níos mó ceisteanna ná riamh!

Mo Dheartháir agus a chairde

Cé nach mbíonn an chuid is mó de mo mhuintir páirteach i saol na Gaeilge, tá deartháir agam, Barra, atá fiche bliain d'aois agus déanaimid iarracht i gcónaí Gaeilge a labhairt lena chéile.

Ciara, a deartháir, Barra agus a chairde.

Ní raibh Barra ag an Oireachtas riamh agus dúirt sé liom nach mbeadh sé in ann ag teacht i mbliana ach oiread. Ghlac mé leis sin, ach Dé Sathairn le linn dom bheith ag féachaint ar na lúibíní fuair mé WhatsApp uaidh le rá go raibh eisean agus beirt chara sa charr ar an mbóthar!

Ní raibh mórán deiseanna ag na buachaillí céanna a gcuid Gaeilge a úsáid ó d’fhág siad an scoil agus bhí ríméad orm gur bhain siad sult as an scléip ar fad! Deir siad liom go mbeidh sé mar thuras bhliantúil acu anois.

Ag súil leis an mbliain seo chugainn cheana fhéin!