Anocht ar TG4, sa dara clár den tsraith, Tabú, cíoraítear ceist mhór an domhandú atá le sonrú anois in Éirinn; bánú na tuaithe. An féidir é a stopadh nó moill a chur air, fiú?
Tá oifigí poist ag dúnadh. Tá daoine óga ag bogadh chun na cathracha- an bhfillfidh siad? Cad a tharlóidh mura bhfilleann? Labhrann Tabú le daoine i gCiarraí Thuaidh agus i gContae Liatroma atá ag streachailt le foireann peile a chur le chéile mar gheall ar a laghad daoine óga atá ag cur futhú iontu.
Sa bhliain 2017, tháinig pobal Liatroim Thuaidh le chéile le déanaí le hiarracht a dhéanamh an cheantar a chosaint ach bliain ar aghaidh ar éirigh lena gcuid spriocanna? An bhfuil a dhath athraithe?
Beidh TABÚ le feiceáil ar TG4 ag 9.30 anocht.